Fógraíonn an tAire Patrick O’Donovan maoiniú os cionn €1.4 milliún le haghaidh chur chun cinn ealaíona na hÉireann ar fud an domhain ag Cultúr Éireann
D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, maoiniú de bhreis is €1.4 milliún chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain trí Chlár Deontas Rialta de chuid Chultúr Éireann. Rachaidh an maoiniú chun leasa 208 tionscadal atá ar siúl i 44 tír, lena n-áirítear ailtireacht, sorcas, damhsa, scannáin, litríocht, ceol, amharclannaíocht agus na healaíona amhairc. Agus na deontais á bhfógairt aige, dúirt an tAire O'Donovan: “Mar Aire Cultúir,...








