WOMEX – Mórthaispeántas Ceoil Dhomhanda (21 – 25 Deireadh Fómhair 2026)

Glao ó Chultúr Éireann ar Thoscairí

 

 

Tá líon teoranta sparánachtaí toscaire á dtairiscint ag Cultúr Éireann chuig WOMEX Mórthaispeántas Ceoil Dhomhanda, ceann de na margaí gairmiúla idirnáisiúnta is tábhachtaí don cheol domhanda lena n-áirítear ceol tíre, ceol ar an tseanstíl, ceol eitneach agus ceol traidisiúnta.

Meallann an ócáid cheithre lá níos mó ná 2,000 toscaire ó bhreis is 90 tír, lena n-áirítear na céadta áiritheoirí ceolchoirme agus féilte, lipéid, foilsitheoirí, dáileoirí, bainisteoirí agus meáin an domhain. Tá tacaíocht tugtha ag Cultúr Éireann do bhannaí roghnaithe chun seinm ag an bpríomhimeacht taispeántais seo, chomh maith le toscaireacht de cheoltóirí, gníomhairí agus tionscnóirí chuig WOMEX ó 2010 i leith.

Beidh imeacht na bliana seo ar siúl in Gran Canaria ón 21 – 25 Deireadh Fómhair 2026.

Ní mór d’iarratasóirí na critéir incháilitheachta seo a leanas a chomhlíonadh:

  • pearsanra seanbhunaithe i dtionscal an cheoil (lena n-áirítear bainistíocht ealaíontóirí, gníomhairí, agus ealaíontóirí féinbhainistithe) a bhfuil cuntas teiste acu ar fheidhmíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta (tá bannaí, ensembleanna agus ealaíontóirí aonair uile incháilithe)

Déanfar iarratais a mheasúnú ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

  • fianaise go bhfuil siad in ann leas a bhaint as an deis seo, lena n-áirítear infhaighteacht ar ábhair bholscaireachta
  • fianaise ar aitheantas criticiúil neamhspleách dearfach don ealaíontóir/do na healaíontóirí
  • iomláine agus cáilíocht a n-iarratais

 

Tá Cultúr Éireann i láthair ag WOMEX mar chomhpháirtí in Horizons, tionscnamh de chuid gníomhaireachtaí onnmhairithe ceoil agus gníomhaireachtaí cultúrtha as Éirinn, Sasana, Albain, an Bhreatain Bheag agus Tuaisceart Éireann. Glacfaidh toscairí roghnaithe páirt ar Sheastán Horizons chun a saothar a chur chun cinn do láithreoirí agus tionscnóirí idirnáisiúnta de chuid tionscail na n-ealaíon a fhreastalaíonn ar WOMEX.