Cosaint Sonraí

Déanfar gach sonraí pearsanta a phróiseálann an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt a phróiseáil i gcomhréir leis an dlí maidir le cosaint sonraí agus ní úsáidfear iad ach amháin le haghaidh cuspóirí a bhaineann le feidhmeanna na Roinne seo.

Tá an Roinn tiomanta go hiomlán do na sonraí pearsanta ar fad a chuireann a custaiméirí isteach a choinneáil slán sábháilte le linn próiseas riaracháin. Tá na bearta teicniúla riachtanacha go léir curtha i bhfeidhm chun sábháilteacht agus slándáil na gcóras ina bhfuil na sonraí seo a chinntiú.

Déanfar faisnéis faoi Chosaint Sonraí a nuashonrú ar an leathanach seo ó am go ham.

Reachtaíocht

Is é an reachtaíocht reatha maidir le Cosaint Sonraí in Éirinn ná an tAcht um Chosaint Sonraí 1988 arna leasú ag an Acht um Chosaint Sonraí 2003. Tháinig an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (AE 2016/679) i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2018.

Cé hiad an Rialaitheoir Sonraí?

Is í an Roinn féin an Rialaitheoir Sonraí maidir le bailiú agus próiseáil na sonraí pearsanta go léir sa Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.

Conas a dhéanaim teagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí?

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí mar seo a leanas:

Oifig um Chosaint Sonraí,

An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt,

Oifig Lána Líosain,

BAILE ÁTHA CLIATH, D02 R5Y3

Ríomhphost: [email protected]

Beartas Cosanta Sonraí

Is féidir teacht ar Beartas Cosanta Sonraí na Roinne anseo.

Cad iad mo chearta faoin reachtaíocht um Chosaint Sonraí?

Nuair a sholáthraíonn tú, mar chustaiméir, sonraí pearsanta don Roinn, tá cearta áirithe agat maidir leis na sonraí sin.Mar sin féin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach mbeidh feidhm ag na cearta go léir atá liostaithe i ngach cás. Tá na cearta seo leagtha amach thíos agus is féidir iad a fheidhmiú trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí, mar atá mionsonraithe thuas, agus a chur in iúl cé na cearta is mian leat a fheidhmiú:

  • Rochtain ar do shonraí pearsanta – cliceáil anseo le haghaidh eolas faoin gceart rochtana, lena n-áirítear conas Iarratas Rochtana Ábhair a chur isteach;
  • Ceartú do shonraí pearsanta;
  • Inaistritheacht sonraí;
  • Srianadh ar phróiseáil do shonraí pearsanta;
  • Agóid i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta;
  • Toiliú a tharraingt siar má tugadh roimhe seo é maidir le próiseáil do shonraí pearsanta;
  • Scriosadh do shonraí pearsanta;
  • An ceart gearán a thaisceadh leis an Údarás Maoirseachta (An Coimisiún um Chosaint Sonraí, Teach na Canála, Bóthar an Stáisiúin, Cúil an tSúdaire, Co. Laoise R32 AP23 – dataprotection.ie);

An bhfuil aon srianta ann?

Tá – ceadaítear srianta ar fheidhmiú chearta ábhar sonraí faoi alt 61(1) i gcás ina ndéantar an phróiseáil le haghaidh cuspóirí cartlannúcháin ar mhaithe le leas an phobail.Tá cearta ábhair sonraí a leagtar amach in Airteagail 15 (ceart rochtana), 16 (ceart ceartúcháin), 18 (ceart srianta próiseála), 19 (ceart fógra a thabhairt faoi cheartú, scriosadh nó srianadh próiseála sonraí pearsanta), 20 (ceart inaistritheacht sonraí), agus 21 (ceart agóide) den RGCS srianta a mhéid a bhaineann:

  1. go mbeadh sé dóchúil go ndéanfadh feidhmiú aon cheann de na cearta sin dodhéanta na cuspóirí sin a bhaint amach, nó go ndéanfaí dochar tromchúiseach dóibh, agus
  2. go bhfuil gá leis an srian chun na cuspóirí sin a chomhlíonadh.

I gcás ina bhfuil próiseáil ar siúl ag an am céanna le haghaidh aon chuspóir eile, seachas cuspóirí cartlannúcháin ar mhaithe le leas an phobail, ní bheidh feidhm ag na srianta seo ach amháin maidir le próiseáil le haghaidh cuspóirí cartlannúcháin ar mhaithe le leas an phobail.

Cá roinnfear mo chuid faisnéise pearsanta?

Ní roinnfear do shonraí pearsanta i gcónaí ach amháin i gcás ina bhfuil bunús dlíthiúil bailí ann chuige sin agus i gcomhréir leis an reachtaíocht chuí maidir le Cosaint Sonraí.

Ceisteanna Parlaiminte agus Ionadaíochta ó Ionadaithe Poiblí

Agus iarratais ar Cheisteanna Parlaiminte á bhfreagairt, baintear gach píosa faisnéis phearsanta as an bhfreagra a chuirtear ar an taifead poiblí ina dhiaidh sin.

Ní choinneofar faisnéis a phróiseáiltear le haghaidh an chuspóir seo ach chomh fada agus a bheidh gá gnó leis agus ina dhiaidh sin marcálfar í lena scriosadh agus scriosfar í i gcomhréir le treoirlínte inmheánacha nó treoirlínte maidir le scriosadh a fhaightear ó Chartlann Náisiúnta na hÉireann nó ceadanna gaolmhara a fhaightear uathu.

Sonraí pearsanta a anaithnidiú nó a ainmniú go bréagach

I gcás inar féidir, is féidir leis an Roinn sonraí pearsanta a anaithnidiú nó a chur faoi bhréag (ceilt) ionas nach mbeidh na sonraí pearsanta ar fáil ach dóibh siúd a bhfuil gá soiléir gnó acu chun iad a fheiceáil.

Faisnéis theicniúil faoi shonraí a bailíodh

Tá faisnéis theicniúil faoi na fianáin a úsáidtear ar shuíomh gréasáin na Roinne ar fáil anseo.

Taifead Gníomhaíochtaí Próiseála (ROPA)

Tháinig an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2018, ina raibh ceanglas faoi Airteagal 30 ar gach comhlacht poiblí Taifead de Ghníomhaíochtaí Próiseála a tháirgeadh.

Is liosta cuimsitheach agus neamh-iomlán é an doiciméad seo de na próisis a dhéanann rannóga laistigh den Roinn a úsáideann sonraí pearsanta; de ghnáth, bíonn sé i bhfoirm doiciméid bheo, a dhéanfar a nuashonrú go rialta le hathruithe agus leasuithe.Má tá aon cheist agat maidir le próisis shonracha a úsáideann sonraí pearsanta nach bhfuil clúdaithe ag an doiciméad seo, déan teagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí, mar atá mionsonraithe thuas.