Glao ar Léiriú Spéise do Phainéalaithe chun Deontais Chultúr Éireann a Mheasúnú

Tá Cultúr Éireann ag féachaint le hiarrthóirí a bhfuil taithí oiriúnach acu a earcú mar phainéalaithe saineolacha chun iarratais ar a bhabhta deontais rialta a mheasúnú. Tá fáilte roimh iarrthóirí a bhfuil spéis acu agus a chomhlíonann na critéir thíos iarratas a dhéanamh mar a leagtar amach thíos chuig [email protected].

Cúlra Chultúr Éireann

Cuireann Cultúr Éireann ealaíona Éireannacha chun cinn ar fud an domhain. Cruthaíonn muid deiseanna agus tacaíonn muid le deiseanna le go bhféadfaidh ealaíontóirí agus cuideachtaí Éireannacha a gcuid saothair a chur i láthair agus a chur chun cinn ag féilte agus ionaid straitéiseacha idirnáisiúnta.

Tá babhtaí deontais rialta á n-oibriú ag Cultúr Éireann chun tacú le cur i láthair ealaíona Éireannacha agus é sin a chur chun cinn de réir na n-amscálaí seo a leanas:

Spriocdháta don Iarratas: Tréimhse mheasúnaithe: Tús an imeachta:
5 Bealtaine Lár mhí Feabhra 15 Lúnasa ar aghaidh
5 Lúnasa Lár mhí Lúnasa 15 Samhain ar aghaidh
5 Samhain Lár mhí na Samhna 15 Feabhra 2027 ar aghaidh
5 Feabhra 2027 Lár mhí Feabhra 2027 15 Bealtaine 2027 ar aghaidh

 

Le linn 2026/2027, rithfidh Cultúr Éireann ceithre Bhabhta Deontais agus táthar ag súil le thart ar 260 iarratas i ngach ceann acu. Glactar le hiarratais ó dhaoine aonair a bhfuil saineolas acu i gceann amháin ar a laghad díobh seo a leanas – Ailtireacht, Sorcas, Coiméide, Damhsa, Scannánaíocht, Litríocht, Ceol, Ceoldrámaíocht, Amharclannaíocht agus na hAmharc-Ealaíona.

Is féidir leat na mionsonraí iomlána a fháil ar an bpróiseas anseo: Cultúr Éireann: Próiseas chun Deontas Rialta a Mheasúnú – Cultúr Éireann | Culture Ireland

 

 

 

 

Ról an Phainéalaí

Is é ról an phainéalaí comhairle shaineolach a thabhairt de réir a speisialtachta maidir le bua na n-iarratas ar shaothar a chur i láthair go hidirnáisiúnta dá bhfuil tacaíocht á lorg.

Iarrtar ar phainéalaithe barúlacha ar na hiarratais a chur isteach, ina réimse saineolais, maidir leis an méid a leanas:

  • Eolas ar an ealaíontóir agus saothar dá bhfuil tacaíocht á lorg
  • Tráthúlacht na deise seo i ngairm an ealaíontóra chun cur i láthair mar atá beartaithe

Tar éis gach spriocdháta agus tar éis do Chultúr Éireann measúnú tosaigh ar incháilitheacht a dhéanamh, cuirtear ríomhphost chuig painéalaithe ina bhfuil nasc chuig na hiarratais. Seoltar treoracha maidir le conas measúnuithe a dhéanamh tríd an tairseach leis sin, agus iarrtar ar phainéalaithe barúlacha ar iarratais a chur isteach maidir leis an bhfoirm ealaíona ar a bhfuil saineolas acu agus nuair is ábhartha freisin i gcás roinnt iarratas ildisciplíneach.

Tiomsaíonn Cultúr Éireann barúlacha ó phainéalaithe, chomh maith le barúlacha ón líonra Ambasáidí, agus cuirtear an comhad iomlán chuig ár gCoiste Comhairleach Saineolaithe le moltaí i dtaobh maoinithe. Cruinníonn an Coiste Comhairleach Saineolaithe agus molann sé cinntí maoinithe atá le formheas ag an Aire.

Luach saothair

Soláthraíonn Cultúr Éireann painéalaithe faoi láthair le hairgead oinigh ag na rátaí seo a leanas de réir líon na n-iarratas á measúnú sa bhabhta deontais.

1-15 iarratas €250
16-30 iarratas €450
31+ iarratas €650

 

Tabhair faoi deara go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar na rátaí sin faoi láthair agus eiseofar rátaí cothrom le dáta sna míonna amach romhainn. Féadfaidh íocaíocht a bheith faoi réir Cáin Shiarchoinneálach ar Sheirbhísí Poiblí (CSSP).

 

Tréimhse an Cheapacháin

Mairfidh ceapacháin phainéalaithe ar feadh tréimhse tosaigh 3 bliana.

Obair a bhfuiltear ag súil léi / ionchur réamh-mheasta

I bhfianaise na tréimhse ama daingne le haghaidh measúnú agus coimitmintí oibre eile, féadfar nach mbeidh painéalaí ar fáil ó am go chéile.

Féadfaidh Cultúr Éireann saineolaithe/painéalaithe a rothlú i rith na bliana agus mar sin, féadfar nach rachfar i dteagmháil le gach painéalaí le bheith páirteach i ngach babhta.

 

Sonraíocht an duine

I gcomhréir le cuspóir oibriúcháin sonraithe Chultúr Éireann maidir le hIonchuimsiú, cuireann muid fáilte roimh iarratas ina léirítear éagsúlacht mhuintir na hÉireann, go háirithe i leith inscne, tíreolaíocht, leasanna cultúrtha agus baill phobail nua.

Ceanglaítear ar phainéalaithe saineolas a bheith acu ar cheann amháin díobh seo a leanas: Ailtireacht, Sorcas, Coiméide, Damhsa, Scannánaíocht, Litríocht, Ceol, Amharclannaíocht, Ceoldrámaíocht agus Amharc-Ealaíona. Ba cheart do pháirtithe a bhfuil suim acu achoimre a dhéanamh ar a saineolas agus ba cheart é a fhianú i do CV. Tá Cultúr Éireann ag féachaint le meascán de shaineolas agus réimsí spéise agus, mar sin, féadfar nach n-iarrfar ar gach iarratasóir a bheith ina phainéalaí dá bharr.

Ceanglaítear ar phainéalaithe

  • grinnscrúdú neamhspleách agus oibiachtúil a dhéanamh ar mhaoirseacht na n-iarratas;
  • a bheith réidh tacaíocht a thabhairt do sholáthar na straitéise agus cuspóirí eagraíochtúla;
  • a bheith oilte comhairle mhachnamhach a thairiscint ar bhonn breithiúnais iontaofa agus taithí;
  • a bheith réidh chun coimitmint ama chuí a dhéanamh;
  • gníomhú ar bhonn eolasach iomlán, de mheon macánta, le dícheall cuí agus cúram, treoraithe ag tosaíochtaí i Straitéis Chultúr Éireann atá ar fáil anseo.

Tá Cultúr Éireann tiomanta do phróiseas iarratais a éascú ina bhféadfar iarratais a dhéanamh agus a mheasúnú trí Bhéarla nó trí Ghaeilge. Mar sin, tá fáilte ar leith roimh iarratais ó iarrthóirí a bhfuil sé de chumas acu measúnuithe a dhéanamh agus aiseolas agus comhairle riachtanach a sholáthar i nGaeilge.

Tá Cultúr Éireann tiomanta do phróiseas iarratais a éascú trínar féidir iarratais a chur isteach agus a mheasúnú trí Bhéarla nó trí Ghaeilge. Dá bhrí sin cuirtear fáilte ar leith roimh iarratais ó iarrthóirí a bhfuil ar a gcumas measúnuithe a dhéanamh agus an t-aiseolas agus an chomhairle riachtanach a sholáthar i nGaeilge.

 

Do Léiriú Spéise a Chur Isteach

Ba cheart d’iarratas a dhéanamh trí ríomhphost chuig [email protected] agus líne an ábhair “Léiriú Spéise do Phainéalaithe Chultúr Éireann” ann. Ba cheart litir chumhdaigh ina ndéantar achoimre ar an saineolas agus gach taithí ábhartha atá agat agus curriculum vitae a bheith san áireamh.

Ní mór iarratais a bheith faighte faoi3pm an 11 Bealtaine 2026.

 

Rúndacht

Faoi réir fhorálacha Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, caithfear le hiarratais faoi chuing rúin. Caithfear le gach fiosrú, iarratas agus gach gné de na nósanna imeachta go hiomlán faoi rún agus ní nochtfar do dhuine ar bith iad, seachas dóibh siúd a bhfuil baint dhíreach acu leis an ngné sin den phróiseas. Baintear míreanna faisnéise áirithe, nach bhfuil sonrach do dhuine aonair ar bith, ó na taifid ríomhaire chun críoch staidrimh ghinearálta.

 

Na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 & 2003

Tabhair faoi deara go bhféadfaidh Cultúr Éireann d’iarratas a choinneáil ar feadh tréimhse suas le bliain amháin.