Fógraíonn an tAire Patrick O’Donovan maoiniú os cionn €890,000 le haghaidh chur chun cinn ealaíona na hÉireann ar fud an domhain ag Cultúr Éireann
D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, maoiniú de bhreis is €890,000 chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain trí Chlár Deontas Rialta de chuid Chultúr Éireann. Rachaidh an maoiniú chun tairbhe do 143 tionscadal atá ar siúl i 36 tír, a chlúdaíonn damhsa, scannánaíocht, litríocht, ceol, ceoldráma, amharclannaíocht agus na hamharc-ealaíona. Agus na deontais á bhfógairt aige, dúirt an tAire O'Donovan: “Is mór an t-áthas dom...









