Tá an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, tar éis a fhógairt gur roghnaíodh Emmet Humphreys agus Nathalie Weadick, thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, mar choimeádaithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag an 20ú Taispeántas Ailtireachta Idirnáisiúnta sa Veinéis, La Biennale di Venezia. Roghnaíodh a dtionscadal, RESIDUUM, i ndiaidh glao oscailte ó Chultúr Éireann, i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon.
Le déanaí, dúirt an tAire O’Donovan: “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le foireann RESIDUUM as a bheith roghnaithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Biennale Ailtireachta na Veinéise 2027. Trína gcuid oibre, méadóidh na coimeádaithe, thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, mar aon lena bhfoireann ildisciplíneach, feasacht ar earnáil ailtireachta bhríomhar na hÉireann ar an stáitse idirnáisiúnta tábhachtach seo. Déanann mo Roinnse Éire sa Veinéis a choimisiúiniú, trí Chultúr Éireann, i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon.”
I gcroílár RESIDUUM tá cur chuige uaillmhianach i leith chruthú cathrach a thugann aghaidh ar dhúshláin idirnasctha na tithíochta, chruthú áite agus féiniúlachta, ag fíodóireacht taipéis uirbeach níos saibhre agus níos comhtháite.
Oibreoidh na coimeádaithe le foireann ildisciplíneach ina mbeidh Alice Casey agus Cian Deegan ó TAKA Architects ar dhearadh taispeántais; Jim Byrne ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar chomhordú ábhair agus taighde; Peter Maybury ar dhearadh céannachta agus foilseachán; Frank Monahan ó Architecture at the Edge Festival ar an gclár poiblí; Caoimhín Corrigan mar bhainisteoir tionscadail; agus Elaine White ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe mar riarthóir tionscadail.
Beidh taispeántas 2027 ina áit ina ndéanfar smaointe a mholadh, a cheistiú agus a shaibhriú, rud a chinnteoidh nach críochphointe a bheidh sa taispeántas ach cuid ghníomhach de chlaochlú leanúnach na Gaillimhe.
Dúirt Emmet Humphreys agus Nathalie Weadick, Coimeádaithe RESIDUUM: “Tá áthas orainn a bheith fógartha mar choimeádaithe Phailliún na hÉireann thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Is mór an onóir dúinn ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag an 20ú Taispeántas Ailtireachta Idirnáisiúnta sa Veinéis. Cé go bhfuil fréamhacha RESIDUUM i nGaillimh, déanann sé iniúchadh ar dhúshlán tráthúil agus uilíoch ábhartha: conas is féidir leis na hacmhainní insaothraithe atá neamhaird déanta orthu atá leabaithe inár gcathracha cabhrú le tírdhreacha uirbeacha ilroinnte a chlaochlú ina n-áiteanna nasctha, ináitrithe. Tá sé mar aidhm ag RESIDUUM luchtanna féachana éagsúla a mhealladh agus cur chuige a spreagadh a chabhróidh le cathracha an cumas seo a bhaint amach.”
Is é Biennale Ailtireachta na Veinéise, a bheidh ar siúl ó Bhealtaine go Samhain 2027, an t-ardán domhanda is tábhachtaí fós do thaispeántas ailtireachta. In 2027, beidh Wang Shu agus Lu Wenyu i mbun coimeádaíochta air faoin teideal Do Architecture. Tugann an Biennale deis gan sárú d’ailtirí Éireannacha dul i ngleic le lucht féachana idirnáisiúnta. Tógann Éire i Veinéis 2027 ar láithreacht láidir na hÉireann ag Biennale Ailtireachta na Veinéise le blianta beaga anuas. Bhí Shelley McNamara agus Yvonne Farrell ó Grafton Architects i mbun coimeádaíochta ar an 16ú Biennale Ailtireachta i Veinéis in 2018.
Is tionscnamh de chuid Chultúr Éireann i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon é Éire sa Veinéis. Roghnaíodh an fhoireann chun ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn tar éis próiseas oscailte, iomaíoch, le baill giúiré idirnáisiúnta agus ionadaithe ó Chultúr Éireann agus ón gComhairle Ealaíon.