Cultúr Éireann – Gairm ar Thoscairí le Freastal ar jazzahead! (Aibreán 2027)

Tá iarratais á lorg ag Cultúr Éireann ó ealaíontóirí agus ó bhainisteoirí/gníomhairí ealaíontóirí ar thacaíocht le freastal ar jazzahead! – an t-imeacht idirnáisiúnta snagcheoil a bheidh ar siúl in Bremen na Gearmáine (22–24 Aibreán 2027).

Tá jazzahead! ar cheann de na margaí gairmiúla idirnáisiúnta is tábhachtaí atá ann don snagcheol agus do cheol tobchumtha de gach cineál. Imeacht trí lá atá ann, agus meallann sé os cionn 3,000 duine de lucht freastail ón tionscal ó bhreis is 55 tír – agus ina measc bíonn na céadta daoine a dhéanann áirithintí le haghaidh ceolchoirmeacha agus féilte, ionadaithe do lipéid, foilsitheoirí, dáileoirí agus bainisteoirí. Tá tuilleadh eolais faoin imeacht ar fáil ANSEO.

Tá jazzahead! ar cheann de mhórimeachtaí sárthaispeántais Chultúr Éireann atá deartha le deiseanna nua a chruthú d’ealaíontóirí Éireannacha.

Tá líon teoranta sparánachtaí á dtairiscint ag Cultúr Éireann le haghaidh toscairí chun páirt a ghlacadh in jazzahead! in 2027. Beidh an méid sin mar chuid den ionadaíocht ghinearálta d’Éirinn le linn jazzahead! a dhéanfaidh Improvised Music Company.

Caithfidh iarratasóirí – ar ceadmhach dóibh a bheith ina n-ealaíontóirí, ina gcuideachtaí, nó ina mbaill d’eagraíochtaí acmhainne – an méid seo a léiriú:

* dea-theist a bheith orthu ó thaobh torthaí a bhaint amach sa snagcheol comhaimseartha

* taithí a bheith acu ar chamchuartaíocht idirnáisiúnta

* ábhar bolscaireachta ardchaighdeáin a bheith acu agus é ar fáil

* na buntáistí a bheadh ann dóibh as freastal ar jazzahead!

* an méid a d’fhéadfaidís cur le seastán na hÉireann le linn an tseó trádála

Reáchtálfar cruinnithe spriocdhírithe roimh an imeacht leis na toscairí roghnaithe go léir chun go ndéanfar an t-ullmhúchán cuí agus chun go n-éireoidh an t-imeacht chomh maith agus is féidir leis na páirtithe ar fad.

Tá an sparánacht (€750 an toscaire) ann chun costais eitiltí fillte agus costais chlárúcháin a chlúdach, mar aon le liúntas faoi chomhair lóistín agus cothú.

Ní bhronnfar ach sparánacht toscaire amháin in aghaidh na heagraíochta. Ba chóir d’iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar líne agus a chur faoi bhráid Chultúr Éireann. Cliceáil anseo chun iarratas a dhéanamh.

Is é 5.00 p.m. Dé hAoine, an 15 Eanáir 2027 an spriocdháta le tograí a chur isteach.