Nuacht & Imeachtaí

WOMEX – Mórthaispeántas Ceoil Dhomhanda (21 – 25 Deireadh Fómhair 2026)

A woman sings into a microphone while playing a guitar on stage. Text reads - Delegates' Call Womex 2026.

Glao ó Chultúr Éireann ar Thoscairí     Tá líon teoranta sparánachtaí toscaire á dtairiscint ag Cultúr Éireann chuig WOMEX Mórthaispeántas Ceoil Dhomhanda, ceann de na margaí gairmiúla idirnáisiúnta is tábhachtaí don cheol domhanda lena n-áirítear ceol tíre, ceol ar an tseanstíl, ceol eitneach agus ceol traidisiúnta. Meallann an ócáid cheithre lá níos mó ná 2,000 toscaire ó bhreis is 90 tír, lena n-áirítear na céadta áiritheoirí ceolchoirme agus féilte, lipéid, foilsitheoirí, dáileoirí, bainisteoirí agus...

Leigh Nios mo

Éire ag FiraTàrrega (10 – 13 Meán Fómhair 2026)

A group of over twenty people stand in front of a booth

Glao ar Rannpháirtíocht i dToscaireacht na hÉireann Tá Cultúr Éireann ag lorg iarratais arís chun páirt a ghlacadh i dtoscaireacht na hÉireann de dhaoine ar mhaith leo a saothar a chur chun cinn ag FiraTàrrega, a bheidh ar siúl in Tàrrega, an Spáinn ón 10 go 13 Meán Fómhair 2026.  Is imeacht líonraithe agus seóthaispeántais idirnáisiúnta do na taibhealaíona é FiraTàrrega, le béim speisialta ar sheánraí na healaíne sráide agus an mhórthaibhsithe. Óna chéad rannpháirtíocht...

Leigh Nios mo

Fógraíonn an tAire Patrick O’Donovan Cultúr 2026, an clár cultúrtha d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan T.D., seoladh Chultúr 2026 inniu: Cultúr na hÉireann á Chomhroinnt, clár cultúir na hÉireann d’Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh, a chuirfidh €5 mhilliún ar fáil chun tacú le healaíontóirí agus le heagraíochtaí ealaíon na hÉireann. Is deis faoi leith atá san Uachtaránacht d’Éirinn san Aontas Eorpach chun an chuid is fearr d’ealaíon agus de chultúr na hÉireann a thaispeáint, na cinn thraidisiúnta agus chomhaimseartha araon. Chun...

Leigh Nios mo

Clár Originate ag Féile Damhsa Bhaile Átha Cliath 2026

Agus an 22ú heagrán d’Fhéile Damhsa Bhaile Átha Cliath ar siúl an mhí seo, cuirfear comhpháirtíocht ar bun arís idir Cultúr Éireann, Féile Damhsa Bhaile Átha Cliath agus Damhsa Éireann ar an gClár Originate, ardán luachmhar áit ar féidir le cláraitheoirí idirnáisiúnta blaiseadh a fháil de chóiréagrafaíochtaí agus saothair nua atá ar fáil le haghaidh camchuairte ag ealaíontóirí atá lonnaithe in Éirinn. Cuirtear an tacaíocht seo ar fáil faoi chlár Féach Anseo Chultúr Éireann. Beidh...

Leigh Nios mo

Seoladh Ionadaíocht na hÉireann ag Biennale na Veinéise, 2026

Rinne an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Pádraig Ó Donnabháin, T.D., comhghairdeas leis an ealaíontóir Éireannach Isabel Nolan ar ócáid sheoladh Ionadaíocht na hÉireann ag an 61ú Taispeántas Ealaíne Idirnáisiúnta – La Biennale di Venezia. Is é Biennale Ealaíne na Veinéise, a bheidh ar siúl ón 9 Bealtaine go dtí an 22 Samhain 2026, an t-ardán domhanda is tábhachtaí chun na hamharc-ealaíona a léiriú, áit a mbíonn an pobal, baill den tsochaí shibhialta, daoine aonair...

Leigh Nios mo

Coimeádaí an Chláir Phoiblí – Taispeántas Éire sa Veinéis, Busáras – Gairm ar Thairiscintí

Clár Cultúir d'Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh 2026 Tá an dá chiall leis an bhfocal ‘Assembly’. Is ionann é agus teacht le chéile mar ghrúpa daoine a bhfuil leas coiteann acu. Is ionann é fosta ach rud iomlán a thógáil ó chodanna comhpháirteacha. Mar chomhthionól agus mar chóimeáil, tá sé i gcroílár an phróisis ailtireachta. Cúlra Ba é Taispeántas Éire sa Veinéis: Assembly ionadaíocht náisiúnta na hÉireann in 2025 ag an 19ú...

Leigh Nios mo

Éire ag Aonach Leabhar Bologna do Pháistí 2026

Tá Cultúr Éireann ag tacú arís le seastán na hÉireann ag Aonach Leabhar Bologna do Pháistí i mbliana, arna sholáthar ag Leabhair Pháistí Éireann. Seo í an 13ú bliain de sheastán na hÉireann ag an Aonach Leabhar, arb é an príomhionad cruinnithe Eorpach do scríbhneoirí agus don tionscal foilsitheoireachta a chruthaíonn saothair liteartha do lucht féachana níos óige. Is é teideal seastán na hÉireann i mbliana ná Tír na Scéalta. Is imeacht atá chun tosaigh...

Leigh Nios mo

Glao ar Léiriú Spéise do Phainéalaithe chun Deontais Chultúr Éireann a Mheasúnú

Tá Cultúr Éireann ag féachaint le hiarrthóirí a bhfuil taithí oiriúnach acu a earcú mar phainéalaithe saineolacha chun iarratais ar a bhabhta deontais rialta a mheasúnú. Tá fáilte roimh iarrthóirí a bhfuil spéis acu agus a chomhlíonann na critéir thíos iarratas a dhéanamh mar a leagtar amach thíos chuig [email protected]. Cúlra Chultúr Éireann Cuireann Cultúr Éireann ealaíona Éireannacha chun cinn ar fud an domhain. Cruthaíonn muid deiseanna agus tacaíonn muid le deiseanna le go bhféadfaidh...

Leigh Nios mo

Call for Expressions of Interest for Panellists for Culture Ireland Grant Assessments

Culture Ireland seeks to engage suitably experienced candidates as expert panellists for assessment of their regular grant round applications. Interested candidates who meet the criteria below are invited to make a submission as outlined below to [email protected]. Culture Ireland Background Culture Ireland promotes Irish arts worldwide. We create and support opportunities for Irish artists and companies to present and promote their work at strategic international festivals and venues. Culture Ireland operates a regular grant round...

Leigh Nios mo

Cultúr Éireann ag Classical:NEXT agus New Music Dublin eXchange (NMDX)

Tá Cultúr Éireann ag filleadh ar Classical:NEXT an tseachtain seo, ag tacú le taispeántas agus toscaireacht as Éirinn chun freastal ar an imeacht mór le rá a bheidh ar siúl i mBúdaipeist na hUngáire i mbliana. Is é Classical:NEXT an mol domhanda líonraithe agus malartaithe atá tiomnaithe go heisiach do cheol clasaiceach agus ealaíne.   Áirítear leis an imeacht líonraithe ceithre lá comhdháil, ceolchoirmeacha taispeántais, taispeántas trádála agus deiseanna líonraithe. Bhronn Cultúr Éireann sé sparánacht...

Leigh Nios mo