Fógraíonn an tAire Patrick O’Donovan maoiniú os cionn €890,000 le haghaidh chur chun cinn ealaíona na hÉireann ar fud an domhain ag Cultúr Éireann

D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, maoiniú de bhreis is €890,000 chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain trí Chlár Deontas Rialta de chuid Chultúr Éireann.

Rachaidh an maoiniú chun tairbhe do 143 tionscadal atá ar siúl i 36 tír, a chlúdaíonn damhsa, scannánaíocht, litríocht, ceol, ceoldráma, amharclannaíocht agus na hamharc-ealaíona.

Agus na deontais á bhfógairt aige, dúirt an tAire O’Donovan: “Is mór an t-áthas dom a fhógairt go bhfuil breis agus €890,000 de mhaoiniú ó Chultúr Éireann á chur ar fáil sa bhabhta seo. Leagann sé béim ar thiomantas agus ar fhócas leanúnach an Rialtais chun tacú le healaíontóirí de chuid na hÉireann agus le heagraíochtaí cultúrtha freastal ar lucht féachana idirnáisiúnta. Guím gach rath ar na healaíontóirí agus iad ag tabhairt faoin taisteal ar fud an domhain.”

  • Damhsa: Cloudy Study le John Scott Dance (an Iodáil), Mufutau Yusuf ar chamchuairt le Impasse agus Proses On Neither Here Nor There (an Afraic Theas, an Chróit, an Iorua, an Ghearmáin, an Spáinn), agus Teac Damsa ag cur MÁM le Michael Keegan-Dolan i láthair (an Fhionlainn).
  • Scannánaíocht: Tacaíocht a chur ar fáil do scannánóirí de chuid na hÉireann chun freastal ar fhéilte suntasacha idirnáisiúnta scannánaíocht, ina measc an British & Irish Film Festival (Lucsamburg), an Newport Beach Film Festival (SAM), féile Animasyros Animation (an Ghréig), agus an San Francisco Irish Film Festival (SAM).
  • Litríocht: Tacaíocht do scríbhneoirí de chuid na hÉireann chun páirt a ghlacadh i bhféilte liteartha idirnáisiúnta éagsúla, lena n-áirítear an International Interdisciplinary Literature (an Chipir), an Vancouver Writers Festival (Ceanada), agus an t-údar Charleen Hurtubise ag cur SAOIRSE i láthair ag sraith imeachtaí liteartha sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada.
  • Ceol: Tacaíocht do chamchuairteanna idirnáisiúnta ar fud an domhain ó réimse ealaíontóirí agus seánraí éagsúla, lena n-áirítear Goitse (SAM, an Ghearmáin, an Ríocht Aontaithe), Plankton (an tSeapáin), John Blek (an Ríocht Aontaithe), Kate Ellis (an Ísiltír), NOTIFY (an Chóiré Theas, an tSeapáin), The Haar (an Astráil), Dug (SAM), Aoife Scott (an Danmhairg), Séamus & Caoimhe (an Fhrainc) agus Ragas to Reels (an India).
  • Amharclannaíocht: Tacaíocht do chamchuairteanna idirnáisiúnta, lena n-áirítear Dead Centre (an Astráil, an Laitvia), tasteinyourmouth (an Astráil), SkelpieLimmer Productions (an Ríocht Aontaithe), Pan Pan (an tSín), Brassneck Theatre (SAM) agus Branar (Ceanada).
  • Amharc-ealaíona: Tacaíocht do thaispeántais idirnáisiúnta le healaíontóirí de chuid na hÉireann, lena n-áirítear Alan Phelan (an Iodáil), Breda Lynch (an Téalainn), Eamonn Doyle (an tSín), Mick O’Kelly (an Bheilg) agus Claire Halpin (an Ríocht Aontaithe).
  • Ildisciplíneach: Tacaíocht leanúnach do chlár ealaíon agus cultúir na hÉireann ag mórfhéilte agus in ionaid thábhachtacha, lena n-áirítear Ars Electronica (an Ostair), The Charlottetown Busker Festival (Ceanada), Claddagh Fest (an Iodáil), Kulturlinie Festival (an Ghearmáin) agus Festival Isulimondi (an Chorsaic).

Tá liosta na bhfaighteoirí ar fáil anseo.

Cuireadh €4 mhilliún breise ar fáil don tréimhse ó mhí Iúil go mí na Nollag do Cultúr 2026, Clár Cultúir Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.  Leis an gclár sin cuirfear saothar ealaíontóirí de chuid na hÉireann i láthair i ngach Ballstát den Aontas Eorpach agus i ngach contae in Éirinn, agus tabharfar an saothar comhaimseartha is fearr atá le tairiscint acu do shaoránaigh na hÉireann agus dár gcomharsana Eorpacha, chun ár gcultúr a chur chun cinn agus a cheiliúradh.