Taispeántas na hÉireann – Biennale Ealaíne na Veinéise 2028

Tá Léirithe Spéise á lorg ag Cultúr Éireann, i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon, chun ionadaíocht na hÉireann a léiriú ag an 62ú Taispeántas Ealaíne Idirnáisiúnta ag La Biennale di Venezia 2028.

I ndiaidh den cur i láthair rathúil DREAMSHOOK le Isabel Nolan i Biennale i mbliana, tugann Cúltúr Éireann cuireadh do pháirtithe leasmhara tairiscint a chur isteach ar son na hÉireann do Venice i 2026.  Tá na sonraí iomlán le fáil anseo: Gairm do Éire sa Vienéis 2028. Is é an spriocdháta iontrála ná nóin Máirt an 1ú Meán Fómhair.

Is é Biennale na Veinéise an seóthaispeántas idirnáisiúnta is tábhachtaí do na healaíona comhaimseartha. Tugann sé deis ar leith d’Éirinn chun amharc-ealaíona comhaimseartha na hÉireann a chur i láthair ar an stáitse dhomhanda. Is ardán suntasach é Biennale na Veinéise d’ealaíontóirí, léiritheoirí agus coimisinéirí na hÉireann chun dul i gcaidreamh le lucht féachana, léiritheoirí agus lucht na ndánlann idirnáisiúnta, chun clú idirnáisiúnta a fháil agus deiseanna nua a chruthú. Bhí os cionn 800,000 cuairteoir i láthair ag an Biennale do na hAmharc-Ealaíona roimhe seo.

Is tionscnamh de chuid Chultúr Éireann i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon é ionadaíocht na hÉireann sa Veinéis