Glao Oscailte: Cultúr Éireann ag Classical:NEXT i mBúdaipeist na hUngáire, mí Aibreáin 2026

Iarrann Cultúr Éireann iarratais ó pháirtithe leasmhara chun bheith in éineacht le toscaireacht na hÉireann ag Classical: NEXT a bheidh ar siúl i mBúdaipeist na hUngáire ón 8 go dtí an 11 Aibreán 2026.

Is ardán idirnáisiúnta agus comhdháil tionscail é Classical:NEXT atá dírithe ar earnáil an cheoil chlasaicigh agus chomhaimseartha. Cuimsítear leis an imeacht líonraithe a mhaireann ceithre lá seóthaispeántais cheoil agus imeacht trádála, agus tionscadail agus seirbhísí á gcur i láthair. Tá tuilleadh eolais faoin imeacht ar fáil anseo.

Tá líon teoranta sparánachtaí toscaire á thairiscint ag Cultúr Éireann atá dírithe ar ealaíontóirí, bainisteoirí, baill eagraíochtaí acmhainne agus gnólachtaí a bhfuil dea-theist orthu in earnáil an cheoil chlasaicigh agus chomhaimseartha, a rinne camchuairteanna go hidirnáisiúnta, a bhfuil ábhar bolscaireachta ardchaighdeáin acu agus a bhainfeadh leas as freastal ar an imeacht chun saothar ealaíontóirí Éireannacha a chur chun cinn.

Is coinníoll na tacaíochta é go bhfreastalódh toscairí ar sheastán Chultúr Éireann ar feadh tréimhsí áirithe, bunaithe ar sceideal a chomhaontófar roimh ré.

Baineann an dámhachtain (€800 an toscaire) le costais eitiltí fillte, clárúchán agus cúnamh le costais lóistín agus cothaithe.

Ní bhronnfar ach aon sparánacht toscaire amháin in aghaidh na heagraíochta. Ba cheart d’iarratasóirí iarratas a dhéanamh chuig Chultúr Éireann ar líne. Cliceáil anseo chun iarratas a dhéanamh.

Is é Dé hAoine, an 13 Feabhra ag 5pm an sprioc-am chun iarratas comhlánaithe ar sparánacht toscaire a chur isteach.