Tá deis Seóthaispeántais á cur ar fáil ag Cultúr Éireann agus TradFest do nua-oirfidigh mar chuid den fhéile bhliantúil i mBaile Átha Cliath (21 – 25 Eanáir 2026). Tá an Seóthaispeántas seo dírithe ar ardán tábhachtach a thabhairt do cheoltóirí atá ag teacht chun cinn chun dul i mbun ceoil os comhair lucht éisteachta a bhfuil cuireadh faighte acu agus ina meidh toscairí idirnáisiúnta, gairmithe tionscail, gníomhairí, agus lucht déanta clár d’fhéilte agus d’ionaid ina measc, d’fhonn tairiscintí idirnáisiúnta maidir le camchuairteanna a ghnóthú.
Cuireann Cultúr Éireann fáilte anois roimh iarratais ó cheoltóirí atá ag tosach amach ar mian leo páirt a ghlacadh sa taibhiú Seóthaispeántais seo i rith an lae, a bheidh ar siúl i bpearsan ag ionad i mBaile Átha Cliath Dé hAoine 23 Eanáir 2026.
Cuireann Cultúr Éireann agus TradFest fáilte roimh aighneachtaí ó cheoltóirí nó grúpaí aonair ó gach seánra ceoil: ceol traidisiúnta, ceol tíre agus ceol domhanda.
Níl ceoltóirí atá faoi chonradh cheana féin chun dul i mbun taibhithe ag Féile 2026 agus/nó ceoltóirí a chuaigh chun stáitse roimhe seo ag Seóthaispeántas TradFest incháilithe chun iarratas a dhéanamh.
Déanfar measúnú ar iarratais ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
• Ní mór don cheoltóir a bheith in ann próifíl náisiúnta a léiriú
• Níor cheart go mbeadh aon teist suntasach maidir le camchuairteanna idirnáisiúnta a dhéanamh ag an gceoltóir cheana féin
• Ní mór don cheoltóir/do na ceoltóirí ábhair fuaime agus fógraíochta agus tacaíocht ó bhainisteoir nó gníomhaire a bheith aige/aici/acu
• Ní mór don ceoltóir/do na ceoltóirí a léiriú go bhfuil siad in ann leas a bhaint as an seóthaispeántas seo, lena n-áirítear a bheith saor agus toilteanach camchuairt a dhéanamh in 2026/2027
• bheadh fianaise maidir le moladh neamhspleách ó na léirmheastóirí ina bhuntáiste
Ba cheart d’iarratasóirí a n-iarratas a dhéanamh ar líne – is féidir leat tús a chur le d’iarratas trí chliceáil anseo.
Ní mór d’iarratasóirí na nithe seo a leanas a chur san áireamh san iarratas:
• Píosa scannánaíochta ar ardchaighdeán de thaibhiú
• MP3anna ar a bhfuil trí rian fuaime ar a laghad
NÓTA: Ullmhóidh Cultúr Éireann gearrliosta ceoltóirí agus déanfaidh foireann TradFest an roghnú deiridh.
Tá Cultúr Éireann agus TradFest tiomanta don chothromas, don éagsúlacht agus don chuimsitheacht.
Íocfaidh Cultúr Éireann stipinn leo siúd go léir a roghnófar agus ranníocaíocht i leith na gcostas taistil dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.
Is é Dé hAoine an 26 Meán Fómhair 2025 an dáta deiridh le haghaidh iarratas.
Rochtain:
Má theastaíonn tacaíocht bhreise uait chun an t-iarratas seo a chomhlánú, déan teagmháil le [email protected]