Seirbhísí Clárbhainistíochta á lorg ag Cultúr Éireann do Uachtaránacht an AE 2026

Chun Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a cheiliúradh le linn an dara leath de 2026, cuirfidh Cultúr Éireann an Clár Cultúir Idirnáisiúnta ar fáil. Is deis uathúil é an Clár Cultúir chun cur go dearfach le léirthuiscint ar ár bhféiniúlacht chultúrtha san Eoraip agus chun aird a tharraingt ar ár nUachtaránacht ar an AE i dtíortha eile.

Tá Cultúr Éireann ag lorg aighneachtaí do Chlárbhainisteoir Cultúir AE chun Clár Cultúir AE a fhorbairt, a bhainistiú, a chomhordú agus a sheachadadh faoi stiúir Cultúr Éireann.

Tá Clárbhainisteoir a bhfuil taithí agus tuiscint fhairsing agus reatha acu ar earnálacha ealaíon comhaimseartha idirnáisiúnta agus Éireannacha, thar raon leathan foirmeacha ealaíne, ag teastáil don chlár imeachtaí seo le fócas straitéiseach ar leith ar chomhpháirtithe tábhachtacha AE lena n-áirítear an Ghearmáin agus an Fhrainc, chomh maith le himeachtaí sna príomhionaid sa Bhruiséil.

Is féidir sonraí iomlána an tairisceana agus conas iarratas a dhéanamh a fháil ar https://www.etenders.gov.ie/epps/cft/prepareViewCfTWS.do?resourceId=6276858

Dáta deiridh d’iarratais: Dé Luain, 15 Meán Fómhair 2025, 00:00