Glacann Cultúr Éireann le hiarratais ar pháirt a ghlacadh mar thoscaire ag Tanzmesse 2024 (28 – 31 Lúnasa 2024)
Fáiltíonn Cultúr Éireann roimh iarratais ó rinceoirí, bainisteoirí cuideachtaí rince agus léiritheoirí rince as Éirinn ar mhaith leo páirt a ghlacadh in Tanzmesse in Düsseldorf, sa Ghearmáin, a bheidh ar siúl ón 28 go dtí an 31 Lúnasa 2024. Is imeacht débhliantúil é Tanzmesse agus is mol idirnáisiúnta é do ghairmithe rince ar fud an domhain chun aithne a chur ar ghníomhairí, láithreoirí agus cláraitheoirí agus chun deiseanna camchuairte a chruthú dá gcuid oibre. Le...







