Maoiniú breis is €1.4 milliún fógraithe ag an Aire Patrick O’Donovan do chur chun cinn Ealaíona na hÉireann ar fud an domhain ag Cultúr Éireann

D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, maoiniú de bhreis is €1.4 milliún chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain trí Chlár Rialta Deontas Chultúr Éireann.

Beidh an maoiniú chun leasa 187 tionscadal atá ar siúl i níos mó ná 41 tír, agus cumhdaítear leo sorcas, damhsa, scannáin, litríocht, ceol, ceoldráma, amharclannaíocht agus na hamharc-ealaíona.

Agus na deontais á bhfógairt aige, dúirt an tAire O’Donovan:
“Tá Cultúr Éireann lárnach i dtaca le tacaíocht agus cur chun cinn ealaíona na hÉireann go hidirnáisiúnta. Léiríonn an t-éileamh méadaithe ar mhaoiniú ó Chultúr Éireann an spéis mhór atá ag daoine ar fud an domhainn i mianach cruthaitheach na hÉireann. Tá áthas orm a fhógairt go bhfuilim ag leithdháileadh maoiniú breis is €1.4 milliún do Chultúr Éireann chun go leanfaidh ealaíontóirí Éireannacha de bheith ag taispeáint a gcuid oibre ar fud an domhain.”

• Sorcas: Hands Down Circus Ltd ag cur Tape That! i láthair (An Danmhairg/an tSualainn), Mini Art Foundation ag cur An Stoirm le Hannah Scully i láthair (an Bhulgáir), Fanzini Productions ag cur Ballet Poulet i láthair (an Bhreatain Bheag), agus Murray Molloy ag cur ‘Born of Normal Parents’ i láthair (Cabo Verde/Camarún)

• Damhsa: tacaíochtaí camchuairte do Selma Daniel Dance ag cur AdoleTA i láthair! (An tSín), John Scott Dance ag cur Four Solos le Merce Cunningham i láthair (an Fhrainc), Mufutau Yusuf ar camchuairt ale Impasse (an Ostair/Meicsiceo/Panama), agus Teac Damsa ag cur MÁM le Michael Keegan-Dolan i láthair (an tSile)

• Scannánaíocht: tacaíocht maidir le freastal ag scannánóirí Éireannacha ar fhéilte scannán idirnáisiúnta suntasacha amhail Féile Scannán Idirnáisiúnta Chicago (SAM), Féile Scannán Éireannach LA (SAM), Féile Scannán na Breataine agus na hÉireann Dinard (an Fhrainc), agus Féile Scannán Éireannach San Francisco (SAM)

• Litríocht: Scríbhneoirí Éireannacha ag féilte liteartha idirnáisiúnta éagsúla, amhail Féile Liteartha Charleston (SAM), Féile Litríochta Éireannaí Osló (an Iorua), agus Féile Scríbhneoirí Vancouver (Ceanada)

• Ceol: Tacaíocht do bhreis is camchuairteanna idirnáisiúnta ar fud an domhain a chlúdaíonn raon ealaíontóirí agus seánraí lena n-áirítear Bricknasty (SAM), Irish Baroque Orchestra (SAM), The Fureys (an Ísiltír), Kila (SAM/Ceanada), Maggie Carty (an Astráil), Mhaol (RA), The Murder Capital (SAM), Musici Ireland (Lucsamburg), Pillow Queens (an Eoraip), Quiet Music Ensemble (an Ghearmáin), agus YARD (an Fhrainc)

• Amharclann: Tacaíocht do chamchuairteanna idirnáisiúnta, lena n-áirítear Branar (An Astráil), Brokentalkers (SAM), Dead Centre (SAM), Fishamble (An Ghearmáin/An Eilvéis), Gare St Lazare (An Fhrainc/An tSeapáin), agus Pan Pan (An Ríocht Aontaithe)

• Na hamhaircealaíona: Taispeántais idirnáisiúnta le healaíontóirí Éireannacha ina measc Thomas Brezing (an Iodáil), Dorothy Cross (an Chróit), Amanda Jane Graham (an Ríocht Aontaithe), Anita Groener (SAM), Oona Hyland (an Ríocht Aontaithe), Niamh O’Malley (an Fhrainc), John Noel Smith (an Ghearmáin)

• Il-dhisciplíneach: Tacaíocht leanúnach do chlár ealaíon agus chultúr na hÉireann ag féilte agus ionaid thábhachtacha lena n-áirítear Féile Ars Electronica (an Ostair), Fleadh Éireannach Cáceres 2025 (an Spáinn), Ionad Cultúrtha na hÉireann Hammersmith (an Ríocht Aontaithe), agus Pa Gya! (Gána)

Is féidir na healaíontóirí a fuair deontas a fheiceáil anseo.