WOMEX – World Music Expo 2025 (22 – 26 Deireadh Fómhair 2025)
Tá líon teoranta sparánachtaí do thoscairí á dtairiscint ag Cultúr Éireann chuig WOMEX World Music Expo, ceann de na margaí gairmiúla idirnáisiúnta is tábhachtaí do cheol domhanda lena n-áirítear ceol tíre, reigé sean-nóis, ceol eitneach agus ceol traidisiúnta.
Ag an ócáid seo a mhaireann ceithre lá bíonn breis is 2,000 toscaire ó bhreis is 90 tír, lena n-áirítear lucht áirithinte ceoltóirí do cheolchoirme agus féilte, lipéid cheoil, foilsitheoirí, dáileoirí, bainisteoirí agus na meáin, ó gach cearn den domhan. Tá tacaíocht tugtha ag Cultúr Éireann do bhannaí roghnaithe chun bheith i mbun ceoil ag an seóthaispeántas tábhachtach seo agus do thoscaireacht ceoltóirí, gníomhairí agus tionscnóirí chuig WOMEX ó bhí 2010 ann.
Beidh imeacht na bliana seo ar siúl in Tampere na Fionlainne ón 22 go dtí an 26 Deireadh Fómhair 2025.
Ní mór d’iarratasóirí na critéir incháilitheachta seo a leanas a chomhlíonadh:
• pearsanra seanbhunaithe i dtionscal an cheoil lena n-áirítear lucht bainistíochta cheoltóirí, gníomhairí, agus ceoltóirí féin-bhainistithe) a bhfuil dea-theist orthu mar gheall ar a bheith ag seinm ceoil ar an stáitse náisiúnta agus idirnáisiúnta (tá bannaí ceoil féin-bhainistithe, ensemble, agus ceoltóirí aonair incháilithe)
Déanfar measúnú ar iarratais ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
• fianaise go bhfuil siad in ann an deis seo a thapú, lena n-áirítear ábhar bolscaireachta a bheith ar fáil
• fianaise go bhfuil ardmholadh tugtha ag léirmheastóirí don cheoltóir/na ceoltóirí
• comhláine agus cáilíocht a n-iarratais
Tá Cultúr Éireann ag glacadh páirte i WOMEX mar chomhpháirtí sa tionscnamh Horizons, tionscnamh de chuid gníomhaireachtaí a thugann an ceol ó thír go tír agus gníomhaireachtaí cultúrtha ó Éirinn, Sasana, Albain, an Bhreatain Bheag agus Tuaisceart Éireann. Beidh na toscairí a roghnófar ag Both Horizons chun a gcuid saothar a chur chun cinn do láithreoirí agus do thionscnóirí de chuid tionscail idirnáisiúnta na n-ealaíon a bheidh i láthair ag WOMEX.
Ba chóir d’iarratasóirí ó Phoblacht na hÉireann iarratas a dhéanamh ar líne chuig Cultúr Éireann. Leis an deontas (€800 in aghaidh an toscaire) cumhdófar costais na n-eitiltí, an chlárúcháin agus cuid de na costais chóiríochta agus chothúcháin.Ní bhronnfar ach sparánacht toscaire amháin in aghaidh an ghrúpa.
Cliceáil anseo chun iarratas a dhéanamh.
Níl ceoltóirí atá ag glacadh páirte mar Cheoltóirí SeóthaispeántaIS ag WOMEX incháilithe do mhaoiniú do thoscairí.
Ba chóir d’iarratasóirí ó Thuaisceart Éireann iarratas a dhéanamh trí Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann anseo.
An spriocdháta chun iarratais chomhlánaithe a chur isteach le haghaidh sparánacht do thoscairí: Déardaoin an 10 Iúil ag 5pm.
Déanfar cinneadh i mí Lúnasa.