Tá Cultúr Éireann ag lorg iarratais chun dul isteach i dtoscaireacht na hÉireann dóibh siúd ar mian leo obair a chur chun cinn ag FiraTàrrega a bheidh ar siúl in Tàrrega na Spáinne ón 11 go dtí an 14 Meán Fómhair 2025. Is imeacht líonraithe agus taispeántais idirnáisiúnta é FiraTàrrega do na taibhealaíona, le béim ar leith ar ealaín sráide agus seánraí seónna.
Is eagrán speisialta é eagrán 2025 toisc go bhfuil Éire rannpháirteach mar thír fócais. Is tionscnamh tiomnaithe é seo atá deartha chun radharc ealaíonta na tíre a chur i láthair ar stáitse domhanda trí thaibhithe, trí phlé agus trí mhalartú cultúrtha. Beidh ceithre chuideachta Éireannacha páirteach sa chlár oifigiúil a mbeidh toscaireacht tionscail in éineacht leo, agus béim á leagan ar rannchuidiú saibhir na hÉireann leis na healaíona amuigh faoin aer.
Ó bhí sé rannpháirteach den chéad uair in 2017, tá Cultúr Éireann ag leanúint de Líonra Ealaíne Sráide, Sorcais agus Seónna na hÉireann a mhaoiniú chun láithreacht na hÉireann ag FiraTàrrega a bhainistiú agus a sholáthar.
Chruthaigh an freastal a rinne ealaíontóirí Éireannacha roimhe seo deiseanna idirnáisiúnta agus líonraí feabhsaithe do sheánraí ealaíne sráide agus seónna na hÉireann ar fud an domhain.
Conas Iarratas a Chur Isteach:
Tá líon teoranta sparánachtaí toscairí á dtairiscint ag Cultúr Éireann atá dírithe ar ealaíontóirí agus ar chuideachtaí ó na foirmeacha ealaíne sráide agus ealaíne seónna. Ba cheart cuntas teiste a bheith ag iarratasóirí maidir le camchuairteanna go hidirnáisiúnta, ábhar bolscaireachta den scoth a bheith ar fáil acu agus/nó an tairbhe a bhaineann le freastal ar an imeacht a léiriú chun a gcuid oibre a chur chun cinn.
Déanfar iarratais a mheas ar bhonn na nithe seo a leanas:
• Oiriúnacht thionscadal/obair an iarratasóra lena chur chun cinn chuig toscairí idirnáisiúnta in FiraTàrrega.
• Cuntas teiste an ealaíontóra/na cuideachta maidir le saothar a chur i láthair thar lear.
• Fianaise ar straitéis camchuairte idirnáisiúnta lena n-áirítear liosta féideartha de theagmhálacha idirnáisiúnta.
• Cumas an ealaíontóra/na cuideachta leas a bhaint as deiseanna chun dul ar camchuairt go hidirnáisiúnta in 2026/2027.
Tá an dámhachtain (€750 an toscaire) i dtreo na gcostas a bhaineann le heitiltí fillte, clárú agus ranníocaíocht i dtreo cóiríochta agus cothaithe. Ní dhámhfar ach sparánacht toscaire amháin in aghaidh na heagraíochta Beifear ag súil go nglacfaidh iarratasóirí rathúla páirt i sceideal comhaontaithe imeachtaí lena n-áirítear freastal sceidealta ar sheastán na hÉireann.
Ba chóir d’iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar líne chuig Cultúr Éireann. Cliceáil anseo chun iarratas a dhéanamh.
Is é 5pm Dé hAoine, an 18 Iúil 2025 an spriocdháta chun iarratais chomhlánaithe ar sparánacht toscaire a chur isteach.