Glao ar I arratais ó Ealaíontóirí/Comhlachtaí – ‘Show and Tell’ Ag Féile Imill Bhaile Átha Cliath 2025


Tá Cultúr Éireann, Institiúid Amharclannaíochta na hÉireann agus Féile Imill Bhaile Átha Cliath ag lorg aighneachtaí ó ealaíontóirí/chomhlachtaí Éireannacha ar mian leo páirt a ghlacadh i Show and Tell, deis chun bualadh le cláraitheoirí agus láithreoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta agus plé a dhéanamh ar a gcuid oibre, mar chuid de Information Toolbox na bliana seo ag Féile Imill Bhaile Átha Cliath (12 Meán Fómhair 2025).

Is é cuspóir an tseisiúin seo ná cur ar chumas ealaíontóirí tionscadail nua (nár cuireadh i láthair in aon fhormáid roimhe seo) atá i mbun forbarttha agus atá réidh le hobair a thabhairt ar camchuairt do thoscairí a chur in aithne dóibh, d’fhonn deiseanna cur i láthair go hidirnáisiúnta nó comhléiriúcháin a ghiniúint.

Pléifidh na healaíontóirí a roghnófar a gcuid tionscadal le toscairí náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Tá ealaíontóirí/comhlachtaí gairmiúla ó dhisciplíní amharclannaíochta agus damhsa incháilithe chun iarratas a dhéanamh. Oibreoidh na healaíontóirí roghnaithe le Cultúr Éireann agus le hInstitiúid Amharclannaíochta na hÉireann chun an deis a uasmhéadú.

TÁBHACHTACH: Níl ealaíontóirí/cuideachtaí a mbeidh a gcuid oibre le feiceáil i gcláir 2025 Fhéile Imill Bhaile Átha Cliath nó Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath incháilithe chun iarratas a dhéanamh. Foilseofar tuilleadh fógraí go luath faoin Pitching Session of International Theatre eXchange.

Ní mór d’iarratasóirí na nithe seo a leanas a dhéanamh
• An fhoirm iarratais atá ar fáil anseo
a chomhlánú• Sonraí faoi obair nua, obair atá idir lámh nó obair atá réidh le dul ar camchuairt a chur san áireamh mar chuid dá n-iarratas.
• Fianaise a sholáthar ar chuntas teiste a bhfuil aitheantas neamhspleách dearfach ó chriticeoirí ann nó bailíochtú forlíontach ar cháilíocht ealaíonta ann (e.g., aiseolas ón lucht féachana, gradaim tionscail, nó aitheantas ó institiúidí piaraí).

• Deimhnigh a n-infhaighteacht le haghaidh obair ullmhúcháin roimh Fhéile Fringe agus le bualadh le láithreoirí idirnáisiúnta le linn na hócáide.

Critéir Mheasúnaithe:
Déanfar measúnú ar iarratais bunaithe ar na nithe seo a leanas:
• Iomláine agus cáilíocht an iarratais
• Cumas an ealaíontóra/na cuideachta leas a bhaint as deiseanna idirnáisiúnta.
• Iomchuí an togra i bhfianaise threochtaí reatha na gclár i bhféilte agus in ionaid idirnáisiúnta thábhachtacha agus na ndaoine a d’fhreastail go hidirnáisiúnta ar an ócáid.
Déanfaidh Institiúid Amharclannaíochta na hÉireann, Cultúr Éireann agus Féile Imill Bhaile Átha Cliath an rogha i dteantna lena chéile.

Chun Iarratas a Dhéanamh:
Ba chóir iarratais a chur isteach tríd an nasc seo agus ba chóir iad a chur isteach faoin Máirt 5 Lúnasa faoi 5pm.