D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, maoiniú de bhreis is €1.6 milliún chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain trí Chlár Deontas Rialta de chuid Chultúr Éireann.
Rachaidh an maoiniú chun tairbhe do 191 tionscadal atá ar siúl i 48 tír, a chlúdaíonn sorcas, damhsa, scannánaíocht, litríocht, ceol, ceoldráma, amharclannaíocht agus na hamharc-ealaíona.
Agus na deontais á bhfógairt aige, dúirt an tAire O’Donovan: Cuireann sé lúcháir an domhain orm an babhta deontais sin de chuid Cultúr Éireann a fhógairt, ar fiú os cionn €1.6 milliún é, an babhta deontais aonair is airde i stair na heagraíochta. Leagann sé béim ar thiomantas agus ar fhócas leanúnach an Rialtais chun tacú le healaíontóirí Éireannacha agus le heagraíochtaí cultúrtha freastal ar lucht féachana idirnáisiúnta.”
- Sorcas: Hippanamaleta a chuirfidh Runners (an Spáinn, an Phortaingéil) i láthair, Kathleen Doherty ag cur ANOIS i láthair ag Imaginarius Festival (an Phortaingéil), Fanzini Productions ag cur Ballet Poulet i láthair ag Festival Internacional de Artes Vivas (an Cholóim).
- Damhsa: tacaíochtaí camchuairte do Mufutau Yusuf le haghaidh chamchuairt Impasse (SAM), Junk Ensemble ag cur Dances Like a Bomb i láthair (an Eilvéis), OD Works ag cur Specky Clark & Hard to be soft i láthair, A Belfast Prayer (an Fhrainc, an Eilvéis, Lucsamburg, an Astráil) agus Teac Damsa ag cur MÁM le Michael Keegan-Dolan (an Danmhairg) i láthair.
- Scannánaíocht: tacaíocht do láithreacht scannánóirí Éireannacha ag féilte scannán idirnáisiúnta suntasacha amhail an tseachtú Chicago Film Festival is fiche (SAM), Stockfish Film and Industry Festival (an Íoslainn), an naoú British & Irish Film Festival is fiche (an Fhrainc) agus Toronto Irish Film Festival (Ceanada).
- Litríocht: Údair Éireannacha a bheidh ag féilte liteartha idirnáisiúnta éagsúla amhail Sydney Writers’ Festival (an Astráil), the Buenos Aires Book Fair (an tSile), Fabula Literary Festival (an tSlóivéin) agus A Feira do Livro (an Bhrasaíl)
- Ceol: Tacaíocht do chamchuairteanna idirnáisiúnta ar fud an domhain a chlúdaíonn réimse ealaíontóirí agus seánraí lena n-áirítear Folk Club Lausanne (an Eilvéis), Libra Ensemble (an tSeapáin), Soda Blonde (SAM), Bricknasty (SAM), YARD (an Bhreatain Bheag), Caroline Keane agus Tom Delany (SAM), Anne-Marie O’Farrell (an Nua-Shéalainn agus Hong Cong) agus Orkney Folk Festival (Albain).
- Amharclannaíocht: Tacaíocht do chamchuairteanna idirnáisiúnta, lena n-áirítear Brokentalkers (RA), Dan Colley agus Riverbank Arts Centre (an tSín), agus Deaf Republic (an Liotuáin, SAM)
- Amharc-ealaíona: Taispeántais idirnáisiúnta ag ealaíontóirí Éireannacha ar nós Diana Copperwhite, Geraldine O’Neill agus Paul Nugent (An Ísiltír); Christine Mackey agus Martina O’Brien (an tSualainn), Beth Fox (an India) agus Laura Skehan (SAM)
- Ildisciplíneach: Tacaíocht leanúnach do chlár ealaíon agus cultúir na hÉireann ag féilte agus ionaid thábhachtacha lena n-áirítear The Registry Theatre (Ceanada), Belgrade Irish Festival (an tSeirbia), The Irish Cultural Centre Hammersmith (RA) agus Craic Fest (SAM).
Is féidir faighteoirí deontais a fheiceáil anseo.