Beidh tacaíocht á cur ar fáil ag Cultúr Éireann le haghaidh ealaíontóirí ceoil tíre agus ceoil traidisiúnta atá ag teacht chun cinn ag Comhghuaillíocht Ceoil Tíre Idirnáisiúnta, a bheidh ar siúl in New Orleans ón 21 – 25 Eanáir 2026.
Tabharfaidh ealaíontóirí taispeántas os comhair lucht féachana, áit a mbeidh lucht gairme thionscal an cheoil ó gach cearn de Mheiriceá Thuaidh agus níos faide i gcéin ann.
Is í Comhdháil Chomhghuaillíocht Ceoil Tíre Idirnáisiúnta an tionól is mó de phobal agus de lucht thionscal an cheoil tíre, agus réimse ilghnéitheach seánraí san áireamh amhail Apaláiseach, Americana, na Gormacha, Bluegrass, Ceilteach, Cajun, Ceol na bhFréamhacha Domhanda, Hip Hap, Seanstíl, Amhránaí is Scríbhneoir, An Focal Labhartha, Traidisiúnta, Zydeco agus ceol cumaisc éagsúla.
Tá Cultúr Éireann i bhfeighil ar thoscaireacht ealaíontóirí Éireannacha ag an gComhghuaillíocht Ceoil Tíre, ó bhí 2015 ann. Bíonn na céadta ríomhchláraitheoirí, gníomhairí, Stiúrthóirí Féilte agus stáisiúin raidió ag tarraingt ar an imeacht, agus tá dea-theist air le fada an lá anois, as deiseanna a chur ar fáil d’ealaíontóirí na hÉireann.
Is iad na healaíontóirí a bheidh ar stáitse Chultúr Éireann mar chuid de Sheóthaispeántas Oifigiúil na bliana seo ná:
- DUG
- CAOIMHÍN
- I Draw Slow
- Seanie Vaughan
- Sina Theil
- Zoé Basha
Ina theannta sin, tá tacaíocht á cur ar fáil ag Cultúr Éireann do Ghráinne Hunt a bheidh mar chuid de chlár Seóthaispeántais Oifigiúil na bliana seo freisin.
Má tá sampla den cheol a mbeidh teacht air ar an lá uait, téigh chomh fada le Youtube agus éist lenár seinnliosta.
Tabharfaidh gach ealaíontóir taispeántas ag an Seóthaispeántas Oifigiúil, chomh maith le sraith seothaispeántas phríobháideacha le linn sceideal na comhdhála.
Is féidir teacht ar eolas maidir le sceideal na seóthaispeántas le haghaidh ealaíontóirí na hÉireann lena n-áirítear seothaispeántais oifigiúla agus phríobháideacha anseo.
Is féidir eolas breise a fháil maidir leis an gComhghuaillíocht Ceoil Tíre Idirnáisiúnta anseo.