Tá comhghairdeas déanta ag an Aire Cultúir, Cumarsáide & Spóirt Patrick O’Donovan le Dan Colley agus leis an gComplacht Lost Lear as a nGradam Fringe First ag Féile Imeallach Dhún Éideann.
Cruthaithe chun scríbhneoireacht nua den scoth a spreagadh agus a aithint ag an bhFéile, fógraíodh gradam Fringe First, urraithe ag The Scotsman, ag ócáid speisialta i nDún Éideann ar maidin (Dé hAoine 15 Lúnasa).
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Déanaim comhghairdeas ó chroí le Dan, Matt agus an complacht Lost Lear ar fad as a nGradam Fringe First. Ní hamháin gur éacht iontach é seo do gach duine a bhí páirteach sa scéal amharclainne corraitheach seo ach is aitheantas é freisin ar neart na hoibre Éireannaí atá tacaíochta faighte aige ó Chultúr Éireann i mbliana mar chuid dá dTaispeántas. Táim ag tnúth le mo chomhghairdeas a chur in iúl go pearsanta nuair a thaistealóidh mé go Dún Éideann an tseachtain seo chugainn.”
Dúirt scríbhneoir/stiúrthóir Lost Lear, Dan Colley:
“Táimid thar a bheith sásta lenár bhFringe First. Gan amhras, leanfaidh an t-aitheantas seo agus an cur san áireamh i dTaispeántas Cultúr Éireann ag oscailt níos mó doirse dár gcamchuairteanna idirnáisiúnta. Mar sin, táimid buíoch faoi dhó.”
Tá Lost Lear á chur i láthair ag Dan Colley i gcomhar le hIonad Ealaíon Riverbank agus Ionad Ealaíon Mermaid agus tá sé á léiriú faoi láthair in Amharclann Traverse i nDún Éideann mar chuid de Thaispeántas Dhún Éideann Chultúr Éireann.
Bunaithe sa bhliain 2005, is é misean Chultúr Éireann ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain. I mbliana, beidh ocht léiriú ag Seó Taispeántais Dhún Éideann a bheidh á léiriú in ionaid an Fhéile Imeallaigh ar fud Dhún Éideann, ag tacú le healaíontóirí amharclainne agus damhsa chun lucht féachana idirnáisiúnta nua a bhaint amach agus deiseanna breise camchuairte idirnáisiúnta a chruthú. Tá an clár iomlán ar fáil anseo.