Cultúr Éireann ag Féile Idirnáisiúnta Ealaíon Spraoi

An lá saoire bainc Dé Luain beag seo, an 4 Lúnasa, leanfaidh Cultúr Éireann den chomhpháirtíocht le Líonra Ealaíon Sráide, Sorcais agus Mórthaibhsithe na hÉireann (ISACS) i gcomhair Féile Idirnáisiúnta Ealaíon Spraoi i bPort Láirge, áit a dtacófar le seisear taibheoirí chun cur i láthair a dhéanamh ag tionscnamh PITCH.

Cuid de Chlár ISACS ag Spraoi do Ghairmithe atá in Pitch, agus tacaítear leis le taibheoirí sráide agus sorcais atá faoi bhláth chun a gcuid seónna, iad réidh le dul ar camchuairt leo, a chur i láthair i dtimpeallacht ghairmiúil. Tugtar tacaíocht agus oiliúint do na healaíontóirí maidir leis an gcaoi an smaoineamh atá acu a chur i láthair go foirmiúil sula gcuirtear i láthair é do lucht féachana ina bhfuil lucht déanta clár agus lucht áirithinte idirnáisiúnta le linn Fhéile Spraoi.

Seo agaibh an seisear taibheoiirí a bheidh ag déanamh cur i láthair don tionscnamh PITCH in Garter Lane i mbliana:

• Brigid Ní Dhuinn
• Jenni Nikinmaa
• Kathleen Doherty
• Polina Shapkina
• Tom Meskell
• Matt Szczerek

Ag Féile Idirnáisiúnta Ealaíon Sráide Spraoi cuirtear an chuid is fearr d’ealaíona sráide náisiúnta agus idirnáisiúnta i láthair, agus bíonn sráideanna Chathair Phort Láirge dubh le daoine i mí Lúnasa.

Chomh maith leis sin, tugtar blaiseadh beag leis d’fhéile FiraTàrrega 2025 i mí Mheán Fómhair, mar a ndíreofar ar Éirinn agus mar a mbeidh ceithre chompántas Éireannacha ar an gclár, agus tacaíocht á fháil acu ó Chultúr Éireann.

Maidir le Líonra Ealaíon Sráide, Sorcais agus Mórthaibhsithe na hÉireann, eagraíocht chomhaltaí faoi stiúir ealaíontóirí atá ann a bhfuil sé mar aidhm aici na foirmeacha comharealaíne sin a cheiliúradh, a chur chun cinn, agus a chothabháil in Éirinn agus cur leo. Feidhmíonn ISACS mar mhol eolais, ionad acmhainní agus cosantóir do na foirmeacha ealaíne sin agus tógann sé líonraí náisiúnta agus idirnáisiúnta sa bhaile agus ar fud na cruinne chun tacú le scaipeadh na bhfoirmeacha ealaíne sin ar fud an domhain le tacaíocht ó Chultúr Éireann agus Chomhairle Ealaíon na hÉireann i measc eagraíochtaí eile.

Tá teacht ar chlár iomlán na dtacaíochtaí a chuireann Cultúr Éireann ar fáil do na hEalaíona Sráide anseo.