Tá Cultúr Éireann ag filleadh ar Classical:NEXT i mBeirlín an tseachtain seo, agus tacaíocht á tabhairt acu do sheóthaispeántas agus toscaireacht ó Éirinn chun freastal ar an imeacht mheasúil seo. Is é Classical:NEXT, atá á reáchtáil le dhá bhliain déag anuas, an mol domhanda líonraithe agus malartaithe atá dírithe go hiomlán ar an cheol chlasaiceach agus an ceol ealaíne.
Le linn na gceithre lá ar a mbeidh an t-imeacht líonraithe ar siúl, beidh comhdháil, ceolchoirmeacha seóthaispeántais, móraonach trádála agus deiseanna líonraithe. I mbliana, tá Cultúr Éireann ag tacú le seóthaispeántas de chuid Aoife Ní Bhriain agus Catrin Finch ag Classical:NEXT, i gcomhar le Wales Arts International. Tá sonraí faoin tseóthaispeántas atá le tarlú Dé Máirt 13 Bealtaine ar fáil anseo.
Chomh maith leis sin, tá Cultúr Éireann i ndiaidh cúig sparántas toscaireachta a bhronnadh ar ghairmithe sa tionscal a bhfuil éachtaí bainte amach acu sa tseánra ceoil chlasaicigh agus chomhaimseartha. Is iad na cúigear toscairí a bheith i láthair i mbliana ná:
- David Ernest McCarthy
- Jonathan Grimes
- Fergus Johnston
- Anna Murray
- Siân Cunningham
Beidh Cultúr Éireann i láthair ag móraonach trádála Classical:NEXT atá le tarlú sa Colosseum i mBeirlín idir an 12-15 Bealtaine 2025 (Stainnín taispeántais 5)
Is féidir clár iomlán Chultúr Éireann ag Classical:NEXT a fheiceáil anseo.