Comhghairdeas déanta ag an Aire O’Donovan leis an ealaíontóir Isabel Nolan agus í ag ullmhú chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag La Biennale di Venezia 2026

Chuir an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, T.D., a chomhghairdeas agus a dhea-ghuí in iúl agus an t-ealaíontóir Éireannach Isabel Nolan ag ullmhú chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag an 61ú Taispeántas Ealaíne Idirnáisiúnta – La Biennale di Venezia.

Sheol Cultúr Éireann ionadaíocht na hÉireann ag an 61ú Taispeántas Ealaíne Idirnáisiúnta – La Biennale di Venezia i nGailearaí Ealaíne Comhaimseartha Dhubhghlas de hÍde i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath tráthnóna inniu.

Tá an t-ealaíontóir Isabel Nolan, in éineacht leis an gcoimeádaí Georgina Jackson ó Ghailearaí Ealaíne Comhaimseartha Dhubhghlas de hÍde, roghnaithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag an ócáid cháiliúil. Coimisiúnaíonn an Roinn, trí Chultúr Éireann, ionadaíocht na hÉireann sa an Veinéis i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon.

Is é Biennale Ealaíne na Veinéise, a bheidh ar siúl ón 9 Bealtaine go dtí an 22 Samhain 2026, an t-ardán domhanda is tábhachtaí fós chun na healaíona amhairc a thaispeáint, agus bíonn an pobal, baill den tsochaí shibhialta, daoine aonair agus institiúidí páirteach. Is deis uathúil é d’ealaíontóirí Éireannacha dul i ngleic le lucht féachana idirnáisiúnta.

Mar fhreagra ar théama na bliana seo, In Minor Keys – arna roghnú ag coimeádaí La Biennale, Koyo Kouoh, nach maireann, tá Dreamshook tugtha ar Phailliún na hÉireann. D’eascair Dreamshook as iniúchadh Nolan ar an gclódóir Veinéiseach ón gcúigiú haois déag, Aldus Manutus, agus ar an gcaoi inar chruthaigh sé an leabhar faoi chlúdach bog. Trí dhealbhóireacht rúndiamhair, pictiúir lonracha, líníochtaí agus scríbhneoireacht, tá eispéireas an duine léirithe ag Nolan eolas bealaigh a fháil laistigh den chruinne ollmhór chorrach seo. Athraíonn saothar an ealaíontóra ó mhórscála go dlúthscála, rud a ligeann don lucht féachana luainiú idir ionadh agus míshuaimhneas, agus a chuireann bunús faoi cheist an ealaíontóra i dtaobh “conas grá a thabhairt do domhan corraitheach, do chruinne neamh-aireach, agus do dhaoine a bhíonn go minic uafásach dá chéile.”

Dúirt an tAire O’Donovan:

Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a ghabháil le Isabel Nolan, Georgina Jackson agus Gailearaí Dhubhghlas de hÍde as a bheith roghnaithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Biennale Ealaíne na Veinéise 2026. Is deis uathúil é Biennale na Veinéise d’aon ealaíontóir, rud a thugann deis chun saibhreas agus beocht ealaín na hÉireann a thaispeáint ar cheann de na hardáin chultúrtha is tábhachtaí ar domhan. Guím gach rath ar an bhfoireann sa Veinéis agus sibh ag déanamh ionadaíocht ar Éirinn ar an stáitse idirnáisiúnta.

Beidh Éire sa Veinéis 2026 ag tógáil ar láithreacht láidir na hÉireann ag La Biennale di Venezia. Le blianta beaga anuas, rinne Eimear Walshe ionadaíocht ar Éirinn i dtaispeántas arna choimeád ag Sara Greavu agus Project Arts Centre, agus Niamh O’Malley le TBG+.

Beidh Dreamshook le feiceáil ag Pailliún na hÉireann san Arsenale, le linn an 61ú Taispeántas Ealaíne Idirnáisiúnta – La Biennale di Venezia a bheidh ar siúl ón 9 Bealtaine go dtí an 22 Samhain 2026. Tar éis é a chur i láthair sa Veinéis, tabharfar Dreamshook ar camchuairt timpeall na hÉireann in 2027, agus tacaíocht á fáil ón gComhairle Ealaíon.