Ceanada-Éire 180

Glaonna ar Léirithe Spéise

Tá Cultúr Éireann agus Ambasáid na hÉireann i gCeanada ag lorg léirithe spéise ó ealaíontóirí, ó ghrúpaí agus ó eagraíochtaí cultúrtha chun páirt a ghlacadh i séasúr ealaíon agus cultúir Éireannach i gCeanada in 2027. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo saibhreas na tallainne in ealaíona agus i gcultúr comhaimseartha na hÉireann a thaispeáint ar fud Cheanada.

Is mórthionscnamh cultúrtha agus comórtha é Ceanada-Éire 180 lena gcomórtar 180 bliain ó 1847, cor cinniúnach i stair chomhroinnte na hÉireann agus Cheanada. Mar thoradh ar an nGorta Mór, chuaigh breis agus 100,000 Éireannach ar imirce go Ceanada agus saol níos fearr á lorg acu. Ón bpointe sin ar aghaidh, bheadh na Gael-Cheanadaigh ina gcuid lárnach de stair, féiniúlacht náisiúnta agus cultúr Cheanada.

Ina theannta sin, féachfaidh Ceanada-Éire 180 le hómós a thabhairt don am atá thart, scrúdú a dhéanamh ar an lá inniu, agus fís chruthaitheach a fhorbairt don todhchaí. Bunaithe ar chuimhne imirce an Ghorta Mhóir go Ceanada, tabharfar léargas leis an tionscnamh ar na naisc dhoimhne bhuana idir ár muintir, naisc a cruthaíodh i gcruachás agus a chothaítear trí chultúr, luachanna agus pobal.

Tá sé mar aidhm ag Cultúr Éireann agus Ambasáid na hÉireann i gCeanada lucht féachana Cheanada a fhorbairt d’ealaíona na hÉireann agus comhpháirtíochtaí agus comhoibrithe cultúrtha a fhorbairt idir Éire agus Ceanada, trí chlár bríomhar comhaimseartha éagsúil ardcháilíochta a chur i láthair thar dhisciplíní ealaíne i réimse leathan suíomhanna, ó ionaid bheaga go hionaid ardphróifíle, mar aon le hinstitiúidí agus féilte.

Táimid ag lorg tograí anois ó ealaíontóirí agus a n-ionadaithe, coimeádaithe, ionaid agus láithreoirí ar spéis leo páirt a ghlacadh sa chlár speisialta seo, lena n-áirítear ó chuideachtaí a bhfuil pleananna leagtha amach acu cheana féin chun saothar a chur i láthair i gCeanada in 2027.

Bronnfar maoiniú don tionscnamh seo faoi dhá shnáithe:

Snáithe 1: Le maoiniú a sholáthróidh Cultúr Éireann, tacófar le cur i láthair/camchuairt saothar ealaíontóirí gairmiúla Éireannacha atá lonnaithe in Éirinn de ghnáth, lena gcumhdófar gach foirm ealaíne ag ionaid, féilte, gailearaithe agus institiúidí Cheanada. Tá eagraíochtaí Éireannacha agus Ceanadacha (a shocraíonn ealaíontóirí Éireannacha ar camchuairt) i dteideal cur isteach ar an snáithe seo.

Snáithe 2: Le maoiniú a sholáthróidh Ambasáid na hÉireann i gCeanada, tacófar le tionscadail a bhaineann le healaíontóirí agus eagraíochtaí Éireannacha atá lonnaithe i gCeanada. Tá eagraíochtaí agus institiúidí Cheanada (a shocraíonn imeachtaí ina bhfuil ealaíontóirí atá lonnaithe i gCeanada) agus eagraíochtaí diaspóra Éireannacha atá lonnaithe i gCeanada i dteideal iarratas a dhéanamh ar an snáithe seo.

Féadfaidh ealaíontóirí agus cuideachtaí Éireannacha (lena n-áirítear iad siúd atá ina gcónaí ar fud oileán na hÉireann nó i gCeanada) nó ionaid, láithreoirí nó gníomhairí Cheanada iarratais a dhéanamh, agus ba chóir go mbeadh an oiread faisnéise buiséid agus is féidir san áireamh, lena n-áirítear ábhar forlíontach más gá.

Ba cheart an aighneacht a bheith dhá leathanach ar a mhéad (gan doiciméid buiséid san áireamh), agus í a chur faoi bhráid [email protected] dar teideal Ceanada-Éire 180, agus na nithe seo a leanas inti:

  • Achoimre ar choincheap an tionscadail atá beartaithe
  • Achoimre ar do chur chuige maidir le cur i gcrích praiticiúil an chur i láthair
  • Liosta de na rannpháirtithe atá beartaithe, lena n-áirítear aon chomhpháirtithe atá lonnaithe i gCeanada
  • An snáithe maoinithe is mó lena mbaineann do thionscadal (féach thuas)
  • Achoimre ar an gcaoi a léireoidh do thogra cruthaitheacht na hÉireann agus/nó a leagfaidh sé béim ar láidreachtaí cruthaitheacha comhaimseartha na hÉireann i gCeanada

Iarrtar tionscadail imlíne a chur isteach faoi 5pm am na hÉireann Dé hAoine, an 14 Aibreán 2026, agus féadfar tograí breise a bhreithniú ar bhonn leanúnach tráth níos déanaí, más féidir agus cúrsaí maoinithe mar atá.