Éire mar Thír Fócais ag Taispeántas na hAlban/Celtic Connections 2025
Níos luaithe i mbliana, fógraíodh Éire mar chomhpháirtí idirnáisiúnta d’eagrán 2025 de Thaispeántas na hAlban mar chuid de Celtic Connections 2025 i nGlaschú, Albain (22 – 26 Eanáir 2025) Tá Cultúr Éireann ag glacadh le harratais anois ó cheoltóirí agus ó bhannaí ar mhaith leo páirt a ghlacadh sa deis taispeántais mór le rá seo. Bunaíodh Celtic Connections in 1994 agus is ceann de na féilte bliantúla is mó le rá do cheol domhanda agus...





