Maoiniú breis is €1.4 milliún fógraithe ag an Aire Patrick O’Donovan do chur chun cinn Ealaíona na hÉireann ar fud an domhain ag Cultúr Éireann
D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, maoiniú de bhreis is €1.4 milliún chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain trí Chlár Rialta Deontas Chultúr Éireann. Beidh an maoiniú chun leasa 187 tionscadal atá ar siúl i níos mó ná 41 tír, agus cumhdaítear leo sorcas, damhsa, scannáin, litríocht, ceol, ceoldráma, amharclannaíocht agus na hamharc-ealaíona. Agus na deontais á bhfógairt aige, dúirt an tAire O’Donovan: “Tá Cultúr...