Éire ag Aonach Leabhar Frankfurt (15 – 19 Deireadh Fómhair 2025)
Cultúr Éireann – Glao ar rannpháirtíocht ó fhoilsitheoirí neamhspleácha Éireannacha
Trína dheontas bliantúil do Litríocht Éireann, tá Cultúr Éireann ag tacú le seastán agus grúpa d’Éirinn a bheith ag Aonach Leabhar Frankfurt le blianta fada.
Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na tacaíochtaí sin, tá líon teoranta sparánachtaí taistil á dtairiscint anois ag Cultúr Éireann d’earnáil foilsitheoireachta neamhspleách na hÉireann chun cabhrú leis na costais a bhaineann le freastal ar an imeacht. Tá sé sin á thairiscint ar bhonn píolótach do 2025.
Bunaithe i 1949, is é Aonach Leabhar Frankfurt an t-aonach leabhar is mó ar domhan faoi láthair agus mórócáid chultúrtha, ag mealladh os cionn 115,000 cuairteoir trádála gach bliain.
Le linn na hócáide, buailfidh foilsitheoirí le gníomhairí liteartha, le comhghleacaithe idirnáisiúnta agus le haistritheoirí chun tuilleadh deiseanna a fhorbairt do scríbhneoirí Éireannacha teacht ar léitheoireacht idirnáisiúnta.
Beidh Aonach Leabhar Frankfurt ar siúl ón 15 go dtí an 19 Deireadh Fómhair 2025.
Ní mór d’iarratasóirí na critéir incháilitheachta seo a leanas a chomhlíonadh:
Cuntas teiste bunaithe mar fhoilsitheoir neamhspleách ó gach cearn d’oileán na hÉireann le liosta de theidil fhéideartha le cur chun cinn le linn an Aonaigh Leabhar
Déanfar measúnú ar iarratais ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
* fianaise go bhfuil siad in ann leas a bhaint as an deis seo lena n-áirítear ábhair chur chun cinn a bheith ar fáil
* fianaise ar chuntas teiste laistigh den tionscal
* iomláine agus cáilíocht a n-iarratais
Glacfaidh toscairí roghnaithe páirt i Seastán na hÉireann chun a gcuid oibre a chur chun cinn mar a comhaontaíodh le Litríocht Éireann i gcomhréir le heagráin roimhe seo. Leanfaidh foilsitheoirí de ranníocaíocht a dhéanamh le costais fhoriomlána an tseastáin i gcomhréir lena spás seasaimh.
Tá an dámhachtain (€750 an duine do bheirt ar a mhéad in aghaidh na heagraíochta) i dtreo na gcostas a bhaineann le heitiltí fillte, clárú agus ranníocaíocht i dtreo cóiríochta agus cothaithe. Cliceáil anseo chun iarratas a dhéanamh.
Is é an spriocdháta chun iarratais chomhlánaithe ar sparánacht toscaire a chur isteach ná Dé hAoine an 1 Lúnasa ag 5pm.