Clár Originate ag Féile Damhsa Bhaile Átha Cliath 2026

Agus an 22ú heagrán d’Fhéile Damhsa Bhaile Átha Cliath ar siúl an mhí seo, cuirfear comhpháirtíocht ar bun arís idir Cultúr Éireann, Féile Damhsa Bhaile Átha Cliath agus Damhsa Éireann ar an gClár Originate, ardán luachmhar áit ar féidir le cláraitheoirí idirnáisiúnta blaiseadh a fháil de chóiréagrafaíochtaí agus saothair nua atá ar fáil le haghaidh camchuairte ag ealaíontóirí atá lonnaithe in Éirinn. Cuirtear an tacaíocht seo ar fáil faoi chlár Féach Anseo Chultúr Éireann.

Beidh Féile Damhsa Bhaile Átha Cliath, a bheidh ar siúl ón 30 Aibreán – 16 Bealtaine 2026, ina hóstach do chláraitheoirí idirnáisiúnta chun freastal ar an bhFéile i mbliana, rud a thabharfaidh deiseanna tábhachtacha chun saothair nua lánfhada atá ar fáil le haghaidh camchuairte a fheiceáil, taispeántas de shaothair atá á bhforbairt a bhlaiseadh, agus cloisteáil ó ealaíontóirí faoina gcuid cóiréagrafaíochtaí is déanaí i seisiún cur i láthair. I measc thoscaireacht na bliana seo tá go leor cláraitheoirí ó Cheanada sula reáchtálfar an clár Ceanada-Éire 180 sa bhliain 2027.

Ina theannta sin, áirítear leis an gclár amanna chun bualadh le healaíontóirí áitiúla i dtimpeallacht líonraithe shuaimhneach.

San áireamh i gclár na bliana seo tá:

Soft God
Emma Martin
Déardaoin 14 – Dé Sathairn 16
Amharclann na Mainistreach

Bailíonn naonúr taibheoirí le chéile amhail is go rabhadar ag tórramh – ach cé dó, nó cad dó? Ag athrú idir deasghnáth, aisling agus damhsa tíre, bíonn siad ag caoineadh, ag canadh, ag cur allais agus ag luascadh ag cuardach bealach chun dóchas, brí agus aislingí a choinneáil beo. Ceiliúradh cumhachtach ach macánta ar an saol, cuireann Soft God searmanas i láthair agus é ina dhúshlán ciúin.

The Fifth Sun
Mufutau Yusuf | Luail
Déardaoin 14 – Dé Sathairn 16 Bealtaine, 7:30pm
Amharclann Samuel Beckett

Agus ionsparáid á fháil ó thraidisiún chaointe na hÉireann, moladh agus athnuachan araon atá in The Fifth Sun. Ag comhcheangal damhsa agus caoineadh, bogann na taibheoirí agus iad ag caoineadh, ag léiriú onóir agus ag éisteacht, ag freagairt don bhrón a bhaineann leis an ngéarchéim atá i ndán dár bpláinéad. Cuireann sé spás ar fáil chun caillteanas a fheiceáil, a roinnt agus a athmhúnlú, ag tabhairt cuireadh do lucht féachana ceisteanna a chur: Cén sórt sinsear a roghnaímid a bheith?

Taispeántas Oibre atá á Fobairt go Fóill

Leather Jacket le Oona Doherty
Racket le Magdalena Hylak

Cur i Láthair Ealaíontóirí
DM1 le Colin Dunne
Offspring le Emily Terndrup
BPM: Barney’s Parties & Melters le Eileen McClory

Is féidir clár iomlán Fhéile Damhsa Bhaile Átha Cliath 2026 a fheiceáil anseo.