IARRATAS AR THAIRISCINT – CREAT OIBRÍOCHTÚIL LE HAGHAIDH NA HÉIREANN SA VEINÉIS

IARRATAS AR THAIRISCINT – CREAT OIBRÍOCHTÚIL LE HAGHAIDH NA HÉIREANN SA VEINÉIS

Is comhpháirtíocht í Éire sa Veinéis idir Cultúr Éireann agus an Chomhairle Ealaíon chun tacú le hionadaíocht na hÉireann ag La Biennale di Venezia (Biennale na Veinéise). Tá Biennale na Veinéise ar cheann de na taispeántais idirnáisiúnta ealaíne agus ailtireachta is mó le rá ar domhan. Cuireann an Biennale ardán mór domhanda ar fáil d’ealaíontóirí ó thíortha rannpháirteacha chun a saothar a chur ar taispeáint agus meallann sé lucht féachana de chriticeoirí idirnáisiúnta, piaraí agus an pobal i gcoitinne.

Tá Cultúr Éireann agus an Chomhairle Ealaíon tiomanta do thacaíocht a thabhairt do chleachtas ealaíne agus ailtireachta comhaimseartha na hÉireann is fearr chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Biennale na Veinéise. Trí rannpháirtíocht na hÉireann tá sé mar aidhm againn próifíl ealaíne agus ailtireachta na hÉireann a ardú agus ealaíontóirí agus ailtirí Éireannacha a chur i láthair ar leibhéal idirnáisiúnta ag an am céanna.

Seirbhísí riachtanacha

Chun a chinntiú go mbeidh an creat oibríochtúil is fearr i bhfeidhm ag Éire sa Veinéis chun ionadaíocht na hÉireann a roghnú, a acmhainniú agus a chumasú ag Biennale na Veinéise táimid ag lorg seirbhísí tairgeoirí atá cáilithe go cuí chun tabhairt faoi na nithe seo a leanas:

  • Measúnú criticiúil ar mhúnla roghnúcháin, acmhainní agus seachadta Éire sa Veinéis le hanailís ar na 14 eagrán dheireanacha (seacht ealaíne agus seacht ailtireachta) ó 2011;
  • Measúnú ar aschuir agus ar thorthaí Éire sa Veinéis i ndáil le hailíniú straitéiseach agus luach deise;
  • Tagarmharcáil idirnáisiúnta le cúig thír ar a laghad de scála comhchosúil le hÉirinn lena n-áirítear anailís ar mhúnlaí maidir le roghnú, acmhainní a chur ar fáil agus ionadaíocht náisiúnta a sheachadadh.

Tograí a chur isteach

Ba chóir tograí chun tabhairt faoin tairiscint seo a chur isteach tráth nach déanaí ná 5pm Dé Céadaoin, an 11 Feabhra 2026 chuig [email protected]

Le haghaidh aon cheisteanna maidir leis an tairiscint, déan teagmháil le [email protected]

Féach ar an ngairm iomlá anseo.