Clár Cultúrtha d’Uachtaránacht na hÉireann ar an AE 2026 Glaoch ar Léirithe Spéise

Tugann Cultúr Éireann cuireadh d’ealaíontóirí agus do chompántais taistil a spéis a léiriú chun páirt a ghlacadh i gclár cultúrtha a bheidh mar chuid d’Uachtaránacht na hÉireann ar Comhairle an Aontais Eorpaigh sa dara leath de 2026.

Mar chuid den tionscnamh seo, cuirfidh Cultúr Éireann clár bríomhar agus ardchaighdeáin d’ealaíona comhaimseartha na hÉireann le chéile le cur i láthair ar fud na hEorpa idir mí Meithimh agus mí na Nollag 2026. Tá sé mar aidhm ag an gclár saibhreas agus éagsúlacht chruthaitheacht na hÉireann a léiriú trí réimse leathan foirmeacha ealaíonta in ionaid, in institiúidí agus ag féilte móra.

Deis faoi leith atá anseo cultúr bríomhar na hÉireann a léiriú agus dul i bhfeidhm ar luchtanna féachana ar fud na hEorpa. Cuirfear fáilte faoi leith roimh mholtaí do chamchuairteanna a mbeidh roinnt ionad éagsúil i gceist leo.

Iarrtar ar ealaíontóirí gairmiúla, ar chompántais agus ar léiritheoirí idirnáisiúnta iarratais a dhéanamh. Cuireann Cultúr Éireann maoiniú deontais ar fáil le tacú le costais a bhaineann go díreach le léiriú idirnáisiúnta imeachtaí, lena n-áirítear taisteal, iompar, lóistín agus cothabháil. Cuirtear fáilte roimh iarratas ó gach cuid d’oileán na hÉireann.

Tá na sonraí incháilitheachta ar fad ar fáil anseo.

Ba cheart go n-áireofaí sna hiarratais:

  • Ráiteas maidir leis an gcaoi a léireoidh an moladh cruthaitheacht na hÉireann agus/nó láidreacht comhaimseartha cultúrtha na hÉireann le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh;
  • Sonraí an choincheapa/na gníomhaíochta molta;
  • Cur síos ar mheáin agus ar fhormáid an chuir i láthair;
  • Sonraí an chuir chuige phraiticiúil maidir le seachadadh;
  • Liosta rannpháirtithe molta;
  • Sonraí buiséid, lena n-áirítear an t-iarratas ar mhaoiniú chuig Cultúr Éireann.

Is é 19 Eanair 2025 an spriocdháta d’iarratais. D’fheadfaí breathnú ar mholtaí breise ar bhonn leanúnach, ag brath ar mhaoiniú a bheith ar fáil.

Is féidir fiosrúcháin a chur chuig: [email protected]

Chun tús a chur le d’iarratas, brúigh anseo.