Fiche Bliain de Chultúr Éireann

 

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh 20 bliain Cultúr Éireann, táimid ag breathnú siar ar chuid de na cur i láthair, léirithe, imeachtaí agus taispeántais ar thugamar tacaíocht dóibh thar na blianta.

Agus Seachtain Cheoil na hÉireann agus International Theatre eXchange ar siúl an tseachtain seo (29 Meán Fómhair 2025), is tréimhse ghnóthach í do Chultúr Éireann, agus tá áthas orainn leanúint le cultúr na hÉireann a thabhairt chuig lucht féachana domhanda.

Dúirt Sharon Barry, Stiúrthóir Chultúr Éireann

Ó 2005, tá ról lárnach ag Cultúr Éireann maidir le tacú le healaíontóirí Éireannacha a gcuid oibre a chur ar an ardán idirnáisiúnta. Tá fairsinge agus caighdeán na hoibre atá á cruthú in Éirinn thar gach cineál ealaíne eisceachtúil agus is fiú é feiceáil i lár an aonaigh dhomhanda. In 2024, thacaigh an eagraíocht le 5,500 cur i láthair ealaíontóirí i 50 tír, rud a shroich lucht féachana de bhreis agus 6.5 milliún duine. Tá lúcháir ar Chultúr Éireann deiseanna a chruthú chun ealaín na hÉireann a chur os comhair an phobail mhóir trínár gcláir Taispeántas agus Féach Anseo, agus chun tacú le camchuairteanna idirnáisiúnta trínár gclár Rialta Deontais. Táimid ag tnúth le tacaíocht leanúnach a thabhairt d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí Éireannacha go ceann 20 bliain eile agus níos faide fós!