Meet the Irish (Nua-Eabhrac, Eanáir 2026) – Glao ar Ealaíontóirí 

Tá Cultúr Éireann ag lorg aighneachtaí ó ealaíontóirí/chomhlachtaí amharclainne agus damhsa Éireannacha ar mian leo páirt a ghlacadh sa tionscnamh Meet the Irish a bheidh ar siúl i Nua-Eabhrac ón 10 go dtí an 13 Eanáir 2026. 

Ó 2023 i leith, tá Meet the Irish bunaithe mar dheis taispeántais luachmhar d’ealaíontóirí damhsa agus amharclannaíochta Éireannacha agus d’eagraíochtaí ealaíon Éireannacha chun dul i dteagmháil le láithreoirí agus féilte i Meiriceá Thuaidh, agus taistealaíonn cuid mhaith acu go Nua-Eabhrac i mí Eanáir chun freastal ar raon comhdhálacha agus féilte cultúrtha lena n-áirítear ISPA, APAP agus Under the Radar. 

Beidh sé ar siúl ag an am céanna is a bheidh cruinniú bliantúil líonra ionad cultúrtha Éireannach ó ar fud Mheiriceá Thuaidh (NICCona) i Nua-Eabhrac freisin. 

Tabharfar ardán d’iarratasóirí rathúla chun a gcuid oibre a chur i láthair na dtoscairí náisiúnta agus idirnáisiúnta seo. D’fhéadfadh sliocht den tionscadal atá beartaithe a bheith san áireamh ar an ardán seo mar aon le hábhair chlosamhairc.  Beidh Meet the Irish ar siúl Dé Luain an 12 Eanáir in Ionad Ealaíon na hÉireann, Nua-Eabhrac. 

Critéir Cáilithíoch: 

Ní mór d’iarratais na critéir seo a leanas a chomhlíonadh: 

Ní mór don saothar atá beartaithe a bheith páirteach i measc ealaíontóirí gairmiúla a bhfuil saothar réidh acu le dul ar camchuairt go hidirnáisiúnta. 

Ní mór fianaise maidir le dea- léirmheastóireacht a bheith ar fáil. 

Is fearr doiciméadú íomhá gluaisteach ardchaighdeáin den obair. 

Ní mór don iarratasóir a bheith ar fáil le haghaidh obair ullmhúcháin roimh an ócáid agus a bheith sásta cur i láthair a dhéanamh laistigh den teimpléad agus den sliotán ama atá ainmnithe 

Measúnú: 

Déanfar measúnú ar iarratais bunaithe ar na nithe seo a leanas: 

  • Na critéir cháilitheacha a bheith comhlíonta. 
  • Cáilíocht an léiriúcháin ó thaobh taibhithe, luachanna léiriúcháin agus ábhair de. 
  • Cumas an ealaíontóra/na cuideachta chun leas a bhaint as deiseanna camchuairte idirnáisiúnta  
  • Treochtaí reatha clársceidealaithe i bhféilte agus in ionaid idirnáisiúnta thábhachtacha agus na daoine a d’fhéadfadh freastal ar an ócáid 

Cuirtear Meet the Irish i láthair i gcomhar le hIonad Ealaíon na hÉireann i Nua-Eabhrac 

Cuirfidh Cultúr Éireann tacaíochtaí deontais ar fáil do rannpháirtithe roghnaithe sa deis seo. 

Chun iarratas a dhéanamh: 

Ba chóir iarratais a chur isteach anseo roimh 12 meán lae Dé hAoine an 17 Deireadh Fómhair 2025 

Rochtain:

Má theastaíonn tacaíocht bhreise uait chun an t-iarratas seo a chomhlánú, déan teagmháil le [email protected]