Glao ar rannpháirtíocht ó fhoilsitheoirí neamhspleácha agus eagraíochtaí acmhainní Éireannacha
Trí mhaoiniú deontais do Leabhair Pháistí Éireann, tá Cultúr Éireann ag tacú le láithreacht na hÉireann ag Aonach Leabhar Bologna do Pháistí le blianta fada.
Mar chuid de sin, cuireann Cultúr Éireann roinnt sparánachtaí taistil ar fáil d’earnáil foilsitheoireachta neamhspleách na hÉireann chun cabhrú leis na costais a bhaineann le freastal ar an imeacht. Áirítear leis seo eagraíochtaí acmhainní a thacaíonn le scríbhneoirí agus maisitheoirí Éireannacha a bhfuil a saothar dírithe ar léitheoirí níos óige.
Is é Aonach Leabhar Bologna do Pháistí ( an t-aonach trádála is mó ar domhan don tionscal foilsitheoireachta do leanaí, ina bhfuil thart ar 1500 taispeántóir ó 90 tír agus réigiún.
Le linn na hócáide, buailfidh foilsitheoirí le gníomhairí liteartha, le comhghleacaithe idirnáisiúnta agus le haistritheoirí chun tuilleadh deiseanna a fhorbairt do scríbhneoirí Éireannacha teacht ar lucht léitheoireachta idirnáisiúnta.
Beidh Aonach Leabhar Bologna do Pháistí ar siúl ón 13 go dtí an 16 Aibreán 2026.
Ní mór d’iarratasóirí na critéir incháilitheachta seo a leanas a chomhlíonadh:
*Cuntas teiste bunaithe mar fhoilsitheoir neamhspleách nó eagraíocht acmhainní ó gach cearn d’oileán na hÉireann a bhfuil a saothar dírithe ar léitheoirí níos óige
Déanfar measúnú ar iarratais ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
* fianaise go bhfuil siad in ann leas a bhaint as an deis seo lena n-áirítear ábhair fógraíochta a bheith ar fáil
* fianaise ar chuntas teiste laistigh den tionscal
* iomláine agus cáilíocht a n-iarratais
Glacfaidh toscairí roghnaithe páirt i Seastán na hÉireann chun a gcuid oibre a chur chun cinn mar a comhaontaíodh le Leabhair Pháistí Éireann i gcomhréir le heagráin roimhe seo den aonach.
Is i leith na gcostas a bhaineann le ticéid fillte agus ranníocaíocht i leith na gcostas cóiríochta agus cothaithe atá an deontas (€800 an duine do bheirt ar a mhéad in aghaidh na heagraíochta). Cliceáil anseo chun iarratas a dhéanamh.
Is é an spriocdháta chun iarratais chomhlánaithe ar sparánacht toscairí a chur isteach ná Dé Luain an 22 Meán Fómhair ag 5pm.