Glao ar Ealaíontóirí chun cur i  Láthair a Dhéanamh ag International Theatre eXchange, Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath, 2025  

Tá Cultúr Éireann, i gcomhar le Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath agus Institiúid Amharclannaíochta na hÉireann, ag lorg aighneachtaí ó ealaíontóirí/compántais Éireannacha ar mian leo faisnéis faoi shaothair nua-chruthaithe a chur i láthair toscairí idirnáisiúnta mar chuid de Mhalartú Amharclannaíochta Idirnáisiúnta (ITX) na bliana seo le linn Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath.  

 

Cuirfear ardán 8 nóiméad ar fáil d’iarratasóirí rathúla chun a dtionscadail a chur i láthair do thoscairí náisiúnta agus idirnáisiúnta.   Beidh an deis  seo ar siúl Dé hAoine an  3 Deireadh Fómhair 2025.  

 

Is iad cuspóirí an tionscnaimh seo ná: 

 

Ardán a chur ar fáil d’ealaíontóirí/léiritheoirí Éireannacha chun a gcuid saothar a chur i láthair agus a chur chun cinn do láithreoirí idirnáisiúnta.  

Deiseanna a chruthú d’ealaíontóirí Éireannacha líonraí camchuairte idirnáisiúnta a thógáil dá gcuid saothar.  

Chun lucht déanta clár idirnáisiúnta a chur in aithne d’ealaíontóirí agus do chompántais Éireannacha.  

 

Mar thoradh ar rannpháirtíocht sa tionscnamh seo sna blianta roimhe seo, bhí deiseanna suntasacha idirnáisiúnta ann do na healaíontóirí/compántais a bhí páirteach ann.  

 

Critéir Cháilitheacha:  

Ní mór d’iarrataIs na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:  

Ní mór don saothar atá beartaithe a bheith ina léiriú gairmiúil a léiríodh den chéad uair le 18 mí anuas agus atá réidh anois le dul ar camchuairt go hidirnáisiúnta.  

Ní mór fianaise maidir le dea- léirmheastóireacht a bheith ar fáil.  

Tá doiciméadú trí íomhánna gluaisteacha ar ardchaighdeáin den saothar riachtanach.  

Ní mór don iarratasóir a bheith ar fáil le haghaidh obair ullmhúcháin roimh an bhféile agus chun  caidreamh a dhéanamh le láithreoirí idirnáisiúnta ag ITX.  

 

Tabhair do d’aire: Ní bheidh saothar a cuireadh i láthair mar chuid de chláir Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath roimhe seo nó de Sheisiúin Chur i Láthair de chudi Chultúr Éireann roimhe seo – ná saothar a ndearnadh cur i láthair ardphróifíle air lasmuigh d’Éirinn – incháilithe lena bhreithniú. Chomh maith leis sin, ní bheidh léiriúcháin a bhí mar chuid de Thaispeántas Chultúr Éireann ag Dún Éideann san áireamh lena mbreithniú don deis seo. 

 

 

Measúnú  

Déanfar measúnú ar iarratais bunaithe ar na nithe seo a leanas:  

 

  • Na critéir cháilitheacha a bheith comhlíonta.  
  • Cáilíocht an léiriúcháin ó thaobh taibhithe, luachanna léiriúcháin agus ábhair de.  
  • Cumas an ealaíontóra/na cuideachta leas a bhaint as deiseanna maidir le dul ar chamchuairt a thiocfaidh as a bheith san áireamh sa chlár.  
  • Treochtaí reatha  maidir le  clársceidealú i bhféilte agus in ionaid idirnáisiúnta thábhachtacha.  

 

Déanfaidh Cultúr Éireann, Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath agus Institiúid Amharclannaíochta na hÉireann an rogha i dteanta lena chéile.  

 

Chun iarratas a dhéanamh  

Ba chóir iarratais a chur isteach tríd an seoladh seo roimh 5pm Déardaoin 28 Lúnasa 2025. 

Rochtain 

Má tá tacaíocht bhreise ag teastáil uait chun an t-iarratas seo a chomhlánú, déan teagmháil le [email protected]