GLAO AR LÉIRIÚ SPÉISE –  UACHTARÁNTACHT NA hÉIREANN AR CHOMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH – TAISPEÁNTAS CULTÚRTHA IN ÁRAS JUSTUS LIPSIUS, AN CHOMAIRLE, AN BHRUISÉIL

Beidh Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag Éirinn idir an 1 Iúil 2026 agus an 31 Nollaig 2026. Is deis iontach é seo d’Éirinn chun an chuid is fearr de chultúr agus de chruthaitheacht ealaíonta na tíre seo a chur os comhair an phobail san Eoraip. Tá Cultúr Éireann chun tosaigh i dtaca le Clár Cultúir a chur os comhair an phobail ar fud na hEorpa, agus aird ar leith againn ar an mBruiséil agus beidh taispeántas in Áras Justus Lipsius ar feadh sé mhí mar chuid den chlár seo.

Cá háit

Áras Justus Lipsius, Áras de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh – An Bhruiséil

Is é Áras Justus Lipsius príomháras Chomhairle an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil. Tá 1,500 ball foirne ag obair ann agus bíonn naoi gcruinniú oifigiúil déag ann gach lá le hionadaithe ó gach Ballstát. Ciallaíonn sé sin go mbíonn 2,000 duine de lucht ceaptha beartais an Aontais san fhoirgneamh gach lá.

Tá Éire ag féachaint le hidirghabháil spéisiúil ealaíonta a dhéanamh sa spás san áras.

Tá sonraí maidir leis an spás, na toisí agus íomhá faoi cheangal leis seo.

Justus Lipsius Building Technical Information

Justius Lipsius Past Installations for EU Presidencies

Cé na Daoine ar Féidir Leo Iarratas a Chur Isteach?

Ba mhaith le Cultúr Éireann duine a choimisiúnú chun saothar nua a shuiteáil sa spás seo agus tá fáilte romhat gach smaoineamh a chur isteach. Is féidir le healaíontóirí gairmiúla, grúpaí, coimeádaithe, eagraíochtaí ealaíon nó comhlachtaí eile a bhfuil an t-eolas, an scil agus an cuntas teiste acu chun tionscadal den sórt sin a fhorbairt iarratas a chur isteach. Níor cheart go mbeadh níos mó ná dhá leathanach sa léiriú spéise agus ba cheart go mbeadh na nithe seo a leanas ann

  • Achoimre ar an gcoincheap atá taobh thiar den taispeántas atá beartaithe
  • Cur síos ar na meáin atá beartaithe agat chun an tionscadal a thabhairt chun críche
  • Achoimre ar an cur chuige atá agat maidir leis an taispeántas a thabhairt chun críche go praiticiúil
  • Liosta de na rannpháirtithe atá beartaithe más ábhartha.
  • Achoimre ar an gcaoi lena gcuirfear cruthaitheacht na hÉireann ar taispeáint le do thogra i gcomhthéacs na hEorpa
  • Buiséad leis na costais uile san áireamh e.g. costais léiriúchán, costais iompair, táillí coimeádaí/ealaíontóirí srl.

Cad atá á lorg againn?

Cuireann Cultúr Éireann fáilte roimh gach smaoineamh lena bhféadfar Éire chomhaimseartha agus ealaíontóirí dá cuid a léiriú. Tá suim againn i dtionscadail spreagúla a meallfaidh an súil agus a thabharfaidh daoine atá ag dul thart aird dóibh chomh maith leo siúd ar mhaith leo breathnú ar na tionscadail ar feadh seal fada. Féadfaidh smaointe a bheith bunaithe ar théama nó is féidir díriú leo ar Éirinn a léiriú san Eoraip. Ba chóir go mbeadh saothar nua i gceist leis na tograí agus an leas is fearr á bhaint as an spás ar an urlár agus as an spás idir na piléir agus os cionn na ndoirse isteach.

Tá srianta áirithe ag an gComhairle maidir le húsáid an spáis (mar a leagtar amach sa doiciméad atá faoi cheangal leis seo). Tabhair aird ar na nithe seo a leanas ach go háirithe:

  • Ní féidir na haghaidheanna istigh agus amuigh a úsáid
  • Ní féidir aon rud a chrochadh ón díon ná ó thrusanna ná a cheangal leis na ballaí ná leis an urlár
  • Ní mór na fuinneoga a choinneáil gan bhac
  • Féadfar suiteálacha a chur ag leibhéal na monatóirí agus/nó os cionn na n-urlár rothlach ar an mbealach isteach.]
  • Ní ceadmhach suiteálacha ná trealamh bunaithe ar fhuaim a bheith san áireamh sa tionscadal.
  • Ní mór an spás a ghlanadh seachtain amháin ar a laghad roimh gach cruinniú den Chomhairle Eorpach agus aon chruinniú eile lena n-éilítear spásanna oibre a shuiteáil d’iriseoirí, nó dá éis. Dá bhrí sin, ní mór bheith in ann an taispeántas a bhogadh agus a stóráil go héasca fad a mhaireann cruinniú na Comhairle.

Roghnú

Féadfaidh Cultúr Éireann níos mó ná smaoineamh amháin a roghnú. Roghnófar smaointe bunaithe ar an bhfiúntas atá iontu, ar an acmhainneacht chun iad a chur i bhfeidhm agus ar a mhéid a chomhlíonann an togra na ceanglais agus a oireann sé don Chlár Cultúir. Cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh agus aighneachtaí á mbreithniú:

  • Cé chomh maith agus a léiríonn an togra cleachtas ealaíonta agus cruthaitheach comhaimseartha na hÉireann i gcomhthéacs na hEorpa
  • Taithí maidir le suiteálacha/taispeántais a chruthú
  • Taithí maidir le bainistíocht tionscadal agus bainistíocht agus tuairisciú buiséid
  • Cumas eagraíochtúil agus saoirse chun gealltanais ama agus taistil a chomhlíonadh.

Ón bhfaisnéis a chuirtear ar fáil ag céim an aighneachta, féadfaidh an painéal roghnúcháin roinnt tionscadal féideartha a chur ar ghearrliosta. D’fhéadfaí a iarraidh ar na coimeádaithe sin ar an ngearrliosta togra níos mionsonraithe agus amharc-taispeantás a chur isteach bunaithe ar an téama a bunaíodh ag céim an aighneachta, lena n-áirítear:

  • an chaoi a ndéanfaidís an cur i láthair agus a n-úsáidfidís an spás nó na spásanna atá i gceist
  • conas a tharraingeodh an cur i láthair aird lucht féachana i gcomhthéacs na hEorpa
  • aghaidh a thabhairt ar aon ábhair phraiticiúla imní
  • miondealú buiséid a sholáthar bunaithe ar an maoiniú atá ar fáil.

Cathain

Ní mór gach aighneacht a fháil faoin 2 Meán Fómhair 2025 agus ba chóir iad a sheoladh i bhformáid pdf trí ríomhphost chuig [email protected]