Clár Originate ag Féile Damhsa Bhaile Átha Cliath 2025

Bíodh is go bhfuil ceiliúradh á dhéanamh in 2025 ar 20 bliana de Chultúr Éireann, beidh an 21ú eagrán d’Fhéile Damhsa Bhaile Átha Cliath ag tarlú an mhí seo freisin. Beidh Cultúr Éireann ag dul i gcomhar le Féile Damhsa Bhaile Átha Cliath arís le Clár Originate, ar ardán fiúntach é don lucht cláreagraithe idirnáisiúnta chun léargas a fháil ar chóiréagrafaíocht agus saothair nua a bheidh ar fáil i gcomhair camchuartaíochta le healaíontóirí atá lonnaithe in Éirinn. Tá an tacaíocht seo á tabhairt faoi Chlár Féach Anseo de chuid Chultúr Éireann.

Beidh lucht cláreagraithe idirnáisiúnta ag freastal ar Fhéile Damhsa Bhaile Átha Cliath na bliana seo, a bheidh ar siúl idir 13 – 24 Bealtaine 2025, agus beidh deiseanna tábhachtacha acu saothair nua a bhfuil duaiseanna buaite acu a fheiceáil, agus caidrimh a chothú le healaíontóirí áitiúla.

Cuirfidh Compántas Damhsa Náisiúnta na hÉireann, Luail, tús leis an 21ú eagrán den Fhéile lena chéad taibhiú de  Chora ag Amharclann Bord Gáis Energy ar an 13 Bealtaine. Sa léiriúchán seo, tiocfaidh damhsóirí Luail le chéile le Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann i malartú bríomhar ceoil agus damhsa a bheidh bunaithe ar théamaí an bhaile, an chuimhne agus an tírdhreacha.

Beidh na léiriúcháin eile seo mar pháirt de chlár Originate na bliana seo:

Specky Clark le Oona Doherty
Céadaoin 14 – Sathairn 17 Bealtaine
Amharclann na Mainistreach

Tagann an mhiotaseolaíocht agus an bheathaisnéis le chéile in Specky Clarke chun scéal a insint faoi bhuachaill óg. Le damhsa, téacs, agus ceol uaibhreach le Lankum, titeann scéal cumhachtach amach trí shraith íomhánna gairéadacha, ar oíche Shamhna.

When the Moon Spun Round le Fidget Feet & Ceol Connected
Déardaoin 22 – Sathairn 24 Bealtaine
Amharclann Samuel Beckett

Cuirfear faoi gheasa thú le damhsa aeir dásachtach agus ceol traidisiúnta draíochtúil. Le When the Moon Spun Round tugtar páistí agus teaghlaigh ar thuras samhlaíoch ina ndéanann aer-chleasghleacaithe fiodrince grástúil cosúil le tonnta na farraige, éiríonn ceol an fhidléara go hard, agus nochtar na rúin atá taobh thiar den ghealach. Ná caill amach ar an tseó ar leith seo!

Scorched Earth le Luke Murphy’s Attic Projects
Aoine 23 & Sathairn 24
Amharclann na Mainistreach

Tá idir choirdhráma agus scéinseir síceolaíoch in Scorched Earth, ina measctar an damhsa agus an amharclannaíocht chun scéal uaibhreach faoin uaillmhian, an chumhacht, an oidhreacht agus costas an ratha a thabhairt chun solais, agus inspioráid á tabhairt ó The Field le John B. Keane.

Dance to Remember le Dónal Dineen
Aoine 23 Bealtaine
The Sugar Club

Sa ghearrscannán dhírbheathaisnéiseach seo, déanann Dónal Dineen plé ar a chaidreamh lena athair, chomh maith le cumhacht an cheoil agus an damhsa. Le taibhithe beo, agus seit DJ ina ndiaidh, is ceiliúradh é seo ar cheol, damhsa agus pobal.

MOSH le Rachel Ní Bhraonáin
Aoine 23 & Sathairn 24 Bealtaine
Project Arts Centre

An ionsaitheacht í? An damhsa é? Léim isteach i ruaille buaille an loig maiseála sa tseó iomráiteach seo le damhsa grágach agus ceol beo, agus aimsigh an deasghnáth, an pobal, agus brí an fhochultúir seo a bhfuil an-mhíthuiscint faoi.

Is féidir clár iomlán Féile Damhsa Bhaile Átha Cliath 2025 a fheiceáil  anseo.

Image credit: Scorched Earth, Luke Murphy’s Attic Projects. Photo by Sound of Photography.