Éire sa Veinéis: ASSEMBLY Ionadaíocht na hÉireann ag Biennale na Veinéise 2025

Inniu, Déardaoin an 8 Bealtaine, seoladh ionadaíocht na hÉireann ag 19ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta  – La Biennale di Venezia. Choimeád Cotter & Naessens Architects an taispeántas dar teideal Assembly. Is tionscnamh de chuid Chultúr Éireann i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon é ionadaíocht na hÉireann sa Veinéis. Ar fhoireann Éire sa Veinéis 2025 tá na hailtirí Louise Cotter agus David Naessens, an t-ealaíontóir ildisciplíneach Michelle Delea, an t-adhmadadóir Alan Meredith, an coimeádaí Luke Naessens agus an t-ealaíontóir fuaime David Stalling.

 

Dúirt an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, Patrick O’Donovan, TD:

“Guím gach rath ar Cotter agus Naessens agus iad ag déanamh ionadaíochta ar Éirinn ag Biennale na Veinéise 2025, an t-imeacht ailtireachta is mó ar domhan. Is éacht ollmhór é seo agus deis do na hailtirí agus don tír araon an deis a sholáthar chun scoth ailtireacht na hÉireann a thaispeáint do lucht féachana domhanda. Ardaíonn rannpháirtíocht ag Biennale na Veinéise próifíl chultúr ailtireachta láidir na hÉireann atá ag fás. Déanann mo Roinnse, trí Chultúr Éireann, Éire sa Veinéis a choimisiúnú i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon, agus is dáta tábhachtach é inár bhféilire cultúir. Guím gach rath ar gach duine a bhfuil baint acu leis an Biennale i mbliana.”

 

Sheol an t-ailtire Yvonne Farrell ó Grafton Architects Pailliún na hÉireann sa Veinéis go foirmiúil, in éineacht le Stiúrthóir Chultúr Éireann Sharon Barry agus Ceann na hAiltireachta sa Chomhairle Ealaíon Fionnuala Sweeney. Spreag samhail pholaitiúil nuálach Chomhthionól Saoránach na hÉireann an taispeántas, Assembly. Is suiteáil ilchéadfach é an dearadh a thugann fuaimdhreach do chuairteoirí agus spás le labhairt ann.

 

 

Bunaíodh an chéad Tionól Saoránach in Éirinn in 2016. Le linn ‘assembly’, tugtar cuireadh don phobal i gcoitinne cabhrú leis an Oireachtas agus leis an Rialtas dul i ngleic le dúshláin bheartais atá roimh Shochaí na hÉireann. Cuireann Assembly ceist faoi conas is féidir le hailtireacht leas a bhaint as coincheap Thionól na Saoránach agus an chumarsáid oscailte a éascú.

 

Go feidhmiúil agus go fileata, déanann an pailliún machnamh ar Assembly mar tháirge agus mar phróiseas déanta. Agus é ag baint leasa as ábhair in-athnuaite, scileanna agus eagna comhoibritheach, tá Assembly lámhdhéanta as crainn feá Éireannacha arna bhfoinsiú agus arna n-ullmhú ag an oibrí adhmaid Alan Meredith agus tá cairpéad lámhfhite le Ceadogán Rugmakers chun fáilte a chur roimh chuairteoirí isteach. Tá boscaí fuaime ina fholús athshondach, gach ceann ag seachadadh blúire páirteach de fhuaimdhreach ilfhónach ina n-ionchorpraítear ceol, filíocht, agallaimh le dearthóirí agus rannpháirtithe Thionól na Saoránach, agus taifeadtaí a dhéanann doiciméadú athmhachnamhach ar dhéantús an struchtúir féin a chruthaigh David Stalling i gcomhar le Michele Delea. Uirlis atá deartha chun an t-iliomad guthanna easaontacha a chomhchuibhiú, déanann an pailliún machnamh ar Assembly mar tháirge agus mar phróiseas déanta.

 

Agus í ag cur síos ar na cuspóirí atá taobh thiar de Assembly, deir Louise Cotter:

“Ón tús bhí sé tábhachtach gur eispéireas céadfach saibhir feiniméineolaíoch a bhí sa phíosa agus go raibh na hábhair lámhdhéanta agus céadfach. Anseo cuirimid spás ar fáil do chuairteoirí chun taithí a fháil ar an tsuiteáil mar neacha corpraithe, lena gcuid céadfaí agus cuimhní cinn. Ní éilíonn muid aon idirghníomhaíocht ar leith ó chuairteoirí: Tá saoirse acu machnamh a dhéanamh agus suí le strainséirí in am mall.”

 

Tabharfaidh an Tionól, le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon, camchuairt náisiúnta i rith 2026 tar éis a thaispeántais sa Veinéis. Beidh scannán ina léirítear déanamh Assembly, a stiúir Michelle Delea, a scannánaigh Felix Castaldo, le fuaim ó David Stalling, mar chuid thábhachtach den chamchuairt náisiúnta.

 

Tá tuilleadh eolais faoin bPailliún ar fáil ar: www.irelandatvenice2025.ie