New Initiative ‘Ireland Invites’ Announced
Ireland Invites will showcase Irish visual art to the international biennale circuit. IMMA (Irish Museum of Modern Art), Hugh Lane Gallery and Culture Ireland are delighted to announce a new 3-year pilot named IRELAND INVITES, aimed at showcasing Irish visual art to the international biennale circuit.
IRELAND INVITES seeks to enhance international exposure for Irish visual artists by hosting biennale curators to undertake visits to studio and art institutions in Ireland. During their visit curators will have the opportunity to enhance their understanding of contemporary art practices in Ireland availing of the curatorial expertise of IMMA, Hugh Lane Gallery and Culture Ireland, who will facilitate research and create bespoke hosted trips for each visiting curator.
Commenting on the new initiative, Annie Fletcher, Director, IMMA, Barbara Dawson, Director Hugh Lane Gallery and Sharon Barry, Director Culture Ireland said: “An analysis of biennale over the last 20 years shows an opportunity to develop the representation of Irish visual artists internationally and IRELAND INVITES seeks to address this in a joint initiative between IMMA, Hugh Lane Gallery and Culture Ireland. Over the next 3-years we look forward to welcoming curators from around the world to see the very best Ireland has to offer in terms of visual arts.”
Inti Guerrero, Artistic Director of the Sydney Biennale, 2024 is the first visiting curator as part of IRELAND INVITES. Later in the Summer, Miguel Lopez and Dominique Fontaine, co-curators of the Toronto Biennale, 2024 will also visit Ireland to coincide with EVA, Ireland's Biennial of Contemporary Art taking place in Limerick.
Further curator visits will be confirmed later in the year.
Contact: For further information and images please contact:
Monica Cullinane E: monica.cullinane@imma.ie
Patrice Molloy E: patrice.molloy@imma.ie
Additional Notes for Editors
Inti Guerrero
Inti Guerrero, together with Cosmin Costinas was announced last summer as the co-Artistic Director of the 24th Biennale of Sydney which will take place from the 09 March – 10 June 2024. Inti Guerrero is currently tutor of the Curatorial Studies programme at the Royal Academy of Fine Arts-KASK,Ghent. He was the Artistic Director of bap – bellas artes projects, Manila (2018-2022), Curator of the 38th EVA International, Ireland’s Biennial, Limerick (2018), Artistic Director of TEOR/éTica, San Jose (2011-2014) and the Estrellita B. Brodsky Adjunct Curator at Tate, London (2016-2020). As an independent curator, Guerrero has curated exhibitions across Asia, Europe, Latin America and West Africa, including ‘Myth Makers” (curated with Chantal Wong) at Tai Kwun Contemporary, Hong Kong (2023), ‘Fraccionar’ at Casa Museo Luis Barragan, Mexico City (2019), ‘A Chronicle of Interventions,’ Tate Modern, London (2014) and ‘A Transatlantic Affair: Josephine Baker and Le Corbusier,’ (curated with Carlos Maria Romero) at Museum of Art of Rio-MAR, Rio de Janeiro (2014). He has edited and contributed his writing to numerous books, magazines, and exhibition catalogues and has taught and lectured at different universities, art academies, and institutions across the world.
Over the past 10 years, Costinaș and Guerrero have co-curated a number of exhibitions together including ‘A Journal of the Plague Year’ (Hong Kong, Taipei, Seoul and San Francisco, 2013-2015) ‘Soil and Stones, Souls and Songs’ (Manila, Hong Kong, Bangkok, 2016-2017), ‘Long Green Lizzards’ – Dakar Biennale, La Biennale de l’Art africain contemporain, Dakar (2018). Both curators are based in Berlin.
About IMMA www.imma.ie
Founded in 1991, IMMA is Ireland’s National Cultural Institution for Modern and Contemporary Art located in the Royal Hospital Kilmainham. Its vibrant, bold, and diverse program comprises exhibitions, commissions, and event-based projects by leading Irish and international artists, as well as a rich engagement and learning program which together provides audiences of all ages the opportunity to connect with contemporary art and unlock their creativity. IMMA is also the home of the National Collection of Modern and Contemporary Art of nearly 4,000 artworks by Irish and international artists. IMMA makes this national resource available through exhibitions at IMMA and other venues nationally and internationally, engagement and learning programs and digital resources.
About Hugh Lane Gallery www.hughlane.ie
Located in Dublin’s City Centre, in Parnell Square, Hugh Lane Gallery, (originally named Municipal Gallery of Modern Art), houses one of Ireland’s most exciting collections of modern and contemporary Irish and international art. It is also the home of Francis Bacon’s Studio. The Gallery was founded by Sir Hugh Lane in 1908 as part of the dynamic and pioneering Celtic Revival Movement in Ireland at the turn of the 20thcentury. Since its foundation, the gallery’s collection of modern and international art has grown considerably. As rich resource in the visual arts, HLG, where art and ideas meet, participates with many diverse communities nationally and globally through its programs of engagement, learning, exhibitions, rotating displays, and research.
About Culture Ireland www.cultureireland.ie
Culture Ireland promotes Irish arts worldwide and creates and supports opportunities for Irish artists and companies to present and promote their work at strategic international festivals and venues. Culture Ireland develops platforms to present outstanding Irish work to international audiences, through showcases at key global arts events, including the Edinburgh Festivals and the Venice Biennales.
TIONSCNAMH NUA ‘IRELAND INVITES’ FÓGARTHA
Cuirfidh Ireland Invites amharc-ealaín na hÉireann i láthair ag cúrsa idirnáisiúnta La Biennale
Tá ríméad ar Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA), Dánlann Hugh Lane (HLG) agus Cultúr Éireann clár píolótach nua 3 bliana a fhógairt, clár darb ainm IRELAND INVITES, a dhíreoidh ar amharc-ealaín na hÉireann a thaispeáint ag féile idirnáisiúnta La Biennale.
Féachann IRELAND INVITES le poiblíocht idirnáisiúnta d'amharcealaíontóirí na hÉireann a fheabhsú trí léiritheoirí La Biennale a óstáil chun cuairt a thabhairt ar institiúidí stiúideo agus ealaíne in Éirinn. Le linn a gcuairte, beidh deis ag léiritheoirí cur lena dtuiscint ar chleachtais ealaíne comhaimseartha in Éirinn agus leas á bhaint acu as saineolas coimeádaíochta IMMA, Dhánlann Hugh Lane agus Chultúr Éireann, a éascóidh taighde agus a chruthóidh turais shaincheaptha do gach léiritheoir a thiocfaidh ar cuairt.
Agus í ag trácht ar an tionscnamh nua, dúirt Annie Fletcher, Stiúrthóir IMMA, Barbara Dawson, Stiúrthóir Dhánlann Hugh Lane agus Sharon Barry, Stiúrthóir Chultúr Éireann: "Léiríonn anailís ar La Biennale le 20 bliain anuas deis chun ionadaíocht amharcealaíontóirí na hÉireann a fhorbairt go hidirnáisiúnta agus féachann IRELAND INVITES le dul i ngleic leis sin i gcomhthionscnamh idir IMMA, Dánlann Hugh Lane agus Cultúr Éireann. Sna 3 bliana amach romhainn táimid ag súil le fáilte a chur roimh léiritheoirí ó gach cearn den domhan chun an chuid is fearr d’amharcealaíon na hÉireann a fheiceáil."
Beidh an chéad chuairt de chuid IRELAND INVITES ar siúl i mí na Bealtaine 2023, nuair a rachaidh Inti Guerrero, Stiúrthóir Ealaíne La Biennale Sydney, 2024 go hÉirinn le haghaidh turas 5 lá. Níos déanaí sa samhradh tabharfaidh Miguel Lopez agus Dominique Fontaine, comhléiritheoirí La Biennale Toronto, 2024 cuairt ar Éirinn agus beidh EVA International ann ag an am céanna.
Deimhneofar tuilleadh cuairteanna ó léiritheoirí níos déanaí sa bhliain.
Teagmháil: Le haghaidh tuilleadh eolais agus íomhánna déan teagmháil le:
Monica Cullinane R: monica.cullinane@imma.ie
Patrice Molloy R: patrice.molloy@imma.ie
Nótaí Breise d'Eagarthóirí
Inti Guerrero
Fógraíodh an samhradh seo caite go mbeidh Inti Guerrero, in éineacht le Cosmin Costinas mar chomh-Stiúrthóir Ealaíne an 24ú La Biennale in Sydney a bheidh ar siúl ón 9 Márta – 10 Meitheamh 2024. Is teagascóir é Inti Guerrero faoi láthair ar an gclár Staidéar Coimeádaíochta in Acadamh Ríoga na Mínealaíon - KASK, Ghent. Bhí sé ina Stiúrthóir Ealaíne ar thionscadail BAP – bellas artes, Manila (2018-2022), ina Léiritheoir ar an 38ú EVA International, Débhliantán na hÉireann, Luimneach (2018), ina Stiúrthóir Ealaíne TEOR/éTica, San Jose (2011-2014) agus ina Léiritheoir Taca Estrellita B. Brodsky ag Tate, Londain (2016-2020). Agus é ina léiritheoir neamhspleách, léirigh Guerrero taispeántais ar fud na hÁise, na hEorpa, Mheiriceá Laidineach agus Iarthar na hAfraice, lena n-áirítear 'Myth Makers' (a léiríodh le Chantal Wong) ag Tai Kwun Contemporary, Hong Cong (2023), 'Fraccionar' ag Casa Museo Luis Barragan, Cathair Mheicsiceo (2019), 'A Chronicle of Interventions,' Tate Modern, Londain (2014) agus 'A Transatlantic Affair: Josephine Baker agus Le Corbusier,' (a léiríodh le Carlos Maria Romero) ag Músaem Ealaíne Rio-MAR, Rio de Janeiro (2014). Rinne sé eagarthóireacht agus chuir sé a chuid scríbhneoireachta leis an iliomad leabhar, irisí agus catalóga taispeántais agus mhúin sé agus thug sé léachtaí in ollscoileanna, acadaimh ealaíne agus institiúidí éagsúla ar fud an domhain.
Le 10 mbliana anuas, tá Costinaș agus Guerrero tar éis roinnt taispeántas a chomhléiriú lena n-áirítear 'A Journal of the Plague Year' (Hong Cong, Taipei, Seoul agus San Francisco, 2013-2015) 'Soil and Stones, Souls and Songs' (Manila, Hong Cong, Bangkok, 2016-2017), 'Long Green Lizzards' – Dacár La Biennale, La Biennale de l'Art africain contemporain, Dacár (2018). Tá an bheirt léiritheoirí lonnaithe i mBeirlín.
Maidir le IMMA www.imma.ie
Bunaíodh IMMA in 1991, agus is Institiúid Chultúrtha Náisiúnta na hÉireann um Ealaín Nua-Aimseartha agus Chomhaimseartha é atá lonnaithe in Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann. Cuimsíonn a chlár bríomhar, misniúil agus éagsúil taispeántais, coimisiúin agus tionscadail imeachtbhunaithe le healaíontóirí mór le rá Éireannacha agus idirnáisiúnta, chomh maith le clár saibhir rannpháirtíochta agus foghlama a thugann deis do lucht féachana de gach aois nascadh leis an ealaín chomhaimseartha agus a gcruthaitheacht a léiriú. Is san IMMA atá Bailiúchán Náisiúnta d'Ealaín Nua-Aimseartha agus Chomhaimseartha ina bhfuil beagnach 4,000 saothar ealaíne le healaíontóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta. Cuireann IMMA an acmhainn náisiúnta seo ar fáil trí thaispeántais ag IMMA agus ionaid eile go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, cláir rannpháirtíochta agus foghlama agus acmhainní digiteacha.
Maidir le Dánlann Hugh Lane www.hughlane.ie
Tá Dánlann Hugh Lane (ar tugadh Gailearaí Cathrach na Nua-Ealaíne air ar dtús), lonnaithe i lár Chathair Bhaile Átha Cliath, i gCearnóg Parnell, agus tá sé ar cheann de na bailiúcháin is spreagúla in Éirinn d'ealaín nua-aimseartha agus chomhaimseartha Éireannach agus idirnáisiúnta. Is ansin freisin atá Stiúideo Francis Bacon. Bhunaigh Sir Hugh Lane an Gailearaí in 1908 mar chuid de Ghluaiseacht dhinimiciúil cheannródaíoch na hAthbheochana Ceiltí in Éirinn ag tús an 20ú haois. Ó bunaíodh é tá fás mór tagtha ar bhailiúchán na healaíne nua-aimseartha agus idirnáisiúnta sa ghailearaí. Is acmhainn shaibhir sna hamharcealaíona é HLG, áit a dtagann ealaín agus smaointe le chéile, agus glacann go leor pobail éagsúla páirt ann go náisiúnta agus ar fud an domhain trína chláir rannpháirtíochta, foghlama, taispeántais, taispeántais rothlacha agus taighde.
Maidir le Cultúr Éireann www.cultureireland.ie
Cuireann Cultúr Éireann ealaíona na hÉireann chun cinn ar fud an domhain agus cruthaíonn agus tacaíonn sé le deiseanna d'ealaíontóirí agus do chuideachtaí Éireannacha a gcuid oibre a chur i láthair agus a chur chun cinn ag féilte agus ionaid straitéiseacha idirnáisiúnta. Forbraíonn Cultúr Éireann ardáin chun saothar Éireannach den scoth a chur i láthair lucht féachana idirnáisiúnta, trí sheóthaispeántais ag príomhimeachtaí ealaíon domhanda, lena n-áirítear Féilte Dhún Éideann agus La Biennale di Venezia.
Posted: 23.05.23