Ireland in Germany 2024: Calls for Expressions of Interest
Photograph courtesy of the artist Gráinne O’Carroll.
Culture Ireland and the Department of Foreign Affairs are seeking expressions of interest from artists, ensembles and cultural organisations to participate in an Irish season in Germany in 2024. This initiative aims to showcase, across Germany, the richness of talent in contemporary Irish arts and culture.
Ireland in Germany 2024 is a joint partnership between Culture Ireland and the Department of Foreign Affairs, with the aim of deepening Ireland’s cultural relations with Germany as a key partner in Europe. In line with the objectives of Global Ireland 2025, Ireland is committed to strengthening our global cultural presence and impact, and places a strategic priority on arts and creativity as a key outward expression of our identity.
Culture Ireland and the Department of Foreign Affairs will allocate at least €2m to this initiative, with the ambition of developing German audiences for Irish arts by presenting a vibrant, contemporary, diverse, and high-quality programme across artistic disciplines in a variety of locations across Germany, from intimate to high-profile venues, as well as institutions and festivals.
We now invite proposals from artists and their representatives, curators, venues and presenters interested in participating in this special programme, including from companies which already have outline plans for work to be presented in Germany in 2024.
Funding for this initiative will be awarded under two strands:
Strand 1: Funding provided by Culture Ireland will support the presentation/touring of work by Irish professional artists usually based in Ireland covering all artforms at German venues, festivals, galleries and institutions. Irish and German organisations (programming touring Irish artists) are both eligible to submit for this strand.
Strand 2: Funding provided by the Department of Foreign Affairs will support projects involving Irish artists and organisations based in Germany. German organisations and institutions (programming events with artists based in Germany) and Irish diaspora organisations based in Germany are eligible to apply for this strand.
Applications may be made by Irish artists and companies (including those resident across the island of Ireland or in Germany), or by German venues, presenters or agents and should include as much budgetary information as possible, including supplementary material if needed.
The submission should be no longer than two pages (excluding budget documentation), submitted to irelandingermany@cultureireland.gov.ie entitled Ireland in Germany 2024, and should contain:
• An outline of the concept of the proposed project
• An outline of your approach to the practical realisation of the presentation
• A list of the proposed participants, including any Germany-based partners
• The funding strand to which your project is more closely aligned (see above)
• An outline of how your proposal will showcase Irish creativity and/or highlight Ireland's contemporary creative strengths in Germany
Outline projects are requested to be submitted by 5pm Irish time on Friday 28th April 2023, and further proposals may be considered on a rolling basis at a later stage, if funding permits.
Éire sa Ghearmáin 2024 – Gairm ar Léirithe Spéise
Tá léirithe spéise ó ealaíontóirí, grúpaí agus eagraíochtaí cultúrtha á lorg ag Cultúr Éireann agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha chun páirt a ghlacadh i séasúr Éireannach sa Ghearmáin in 2024. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo béim speisialta a chur ar chur i láthair ealaíona agus cultúr comhaimseartha na hÉireann sa Ghearmáin.
Is comhpháirtíocht í Éire sa Ghearmáin 2024 idir Cultúr Éireann agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha, agus é mar aidhm aici caidreamh cultúrtha na hÉireann leis an nGearmáin a neartú mar phríomh-chomhpháirtí san Eoraip. Ag teacht le huaillmhian Éire Dhomhanda 2025, tá Éire tiomanta dár láithreacht agus tionchar cultúrtha domhanda a neartú agus tugann sí tosaíocht straitéiseach do na healaíona agus don chruthaitheacht mar phríomhléiriú ar ár bhféiniúlacht.
Leithdháilfidh Cultúr Éireann agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha €2m ar a laghad chun an tionscnamh seo a chur i láthair, agus é mar aidhm acu clár bríomhar, comhaimseartha agus ardchaighdeáin a chur i láthair trasna disciplíní ealaíne in ionaid, institiúidí agus féilte ardphróifíle sa Ghearmáin, agus lucht féachana Gearmánach a fhorbairt d’ealaíona na hÉireann.
Iarraimid anois ar ealaíontóirí, ionaid agus láithreoirí a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh sa chlár speisialta seo – lena n-áirítear ó chomhlachtaí a bhfuil pleananna acu cheana féin le haghaidh oibre a chur i láthair sa Ghearmáin in 2024.
Bronnfar maoiniú don tionscnamh seo faoi dhá shraith:
Snáithe 1 – Tabharfaidh maoiniú ó Chultúr Éireann tacaíocht do chur i láthair/camchuairt saothair ealaíontóirí gairmiúla Éireannacha atá lonnaithe in Éirinn de ghnáth a chlúdóidh gach foirm ealaíne in ionaid, féilte, gailearaithe agus institiúidí Gearmánacha. Tá eagraíochtaí Éireannacha agus Gearmánacha araon i dteideal cur isteach ar an snáithe seo.
Snáithe 2 – Tabharfaidh maoiniú ón Roinn Gnóthaí Eachtracha tacaíocht do thionscadail a bhaineann le healaíontóirí agus eagraíochtaí Éireannacha atá lonnaithe sa Ghearmáin cheana féin. Tá eagraíochtaí agus institiúidí Gearmánacha agus eagraíochtaí diaspóra Éireannacha atá lonnaithe sa Ghearmáin i dteideal cur isteach ar an tsraith seo.
Féadfaidh ealaíontóirí agus cuideachtaí Éireannacha (lena n-áirítear iad siúd a bhfuil cónaí orthu ar fud oileán na hÉireann nó sa Ghearmáin), nó ionaid, láithreoirí nó gníomhairí Gearmánacha iarratais a dhéanamh agus ba cheart go mbeadh an oiread eolas buiséadach agus is féidir san áireamh, lena n-áirítear ábhar breise más gá.
Níor cheart go mbeadh an aighneacht níos faide ná dhá leathanach (gan doiciméid buiséid a chur san áireamh). Ba chóir é a sheoladh chuig irelandingermany@cultureireland.gov.ie, faoi theideal Éire sa Ghearmáin 2024 agus ba cheart go mbeadh na rudaí seo a leanas san áireamh:
• Achoimre ar choincheap an tionscadail atá beartaithe
• Cur síos ar an meáin ina bhfuil sé beartaithe agat an tionscadal a sheachadadh
• Achoimre ar do chur chuige maidir le cur i gcrích praiticiúil an chur i láthair
• Liosta de na rannpháirtithe a mholtar, lena n-áirítear aon chomhpháirtithe atá lonnaithe sa Ghearmáin
• An snáithe maoinithe a bhfuil do thionscadal ailínithe níos dlúithe léi (féach thuas)
• Achoimre ar conas a thaispeánfaidh do thogra cruthaitheacht na hÉireann agus/nó a chuirfidh sé béim ar láidreachtaí cruthaitheacha comhaimseartha na hÉireann sa Ghearmáin
Iarrtar achoimrí ar thionscadail a chur isteach faoi 5 i.n. am na hÉireann Dé hAoine, an 28 Aibreán 2023, agus féadfar tograí breise a mheas ar bhonn rollach níos déanaí, sa chás go bhfuil maoiniú ar fáil.
Posted: 15.03.23