Gairm ar Léirithe Spéise: Painéalaithe do Mheasúnuithe Deontais Chultúr Éireann

Gairm ar Léirithe Spéise: Painéalaithe do Mheasúnuithe Deontais Chultúr Éireann

Gairm ar Léirithe Spéise: Painéalaithe do Mheasúnuithe Deontais Chultúr Éireann

Dáta deiridh:  3 i.n., an 19 Bealtaine 2023

Ba mhian le Cultúr Éireann iarrthóirí a bhfuil taithí chuí acu a fhostú mar shaineolaithe painéil chun measúnú a dhéanamh ar a n-iarratais ar bhabhtaí deontas rialta. Iarrtar ar iarrthóirí a bhfuil spéis acu ann a chomhlíonann na critéir thíos aighneacht a dhéanamh mar a leagtar amach thíos chuig alison.geraghty@cultureireland.gov.ie

Eolas Ginearálta faoi Chultúr Éireann

Cuireann Cultúr Éireann ealaíona na hÉireann chun cinn ar fud an domhain. Cruthaímid agus tacaímid le deiseanna d’ealaíontóirí agus cuideachtaí Éireannacha a gcuid oibre a chur i láthair agus a chur chun cinn ag féilte agus ionaid idirnáisiúnta straitéiseacha.

Feidhmíonn Cultúr Éireann babhta rialta deontais chun tacú le cur i láthair ealaíona na hÉireann agus iad a chur chun cinn de réir na scálaí ama seo a leanas:

Spriocdháta d’Iarratais:  Tréimhse mheasúnaithe:  Imeacht ag tosú:

1 Feabhra                           Lár mhí Feabhra                     Ón 15 Aibreán
1 Aibreán                            Lár mhí Aibreáin                     Ón 15 Meitheamh
1 Iúil                                   Lár mhí Iúil                              Ón 15  Deireadh Fómhair
1 Meán Fómhair                 Lár mhí Mheán Fómhair         Ón 15 Samhain
1 Samhain                          Lár mhí na Samhna                Ón 15 Eanáir

Le linn 2023/2024, oibreoidh Cultúr Éireann cúig Bhabhta Deontais le thart ar 120 iarratas i ngach babhta. Glactar le hiarratais i ngach foirm ealaíne mar a shainmhínítear san Acht Ealaíon 2003 lena n-áirítear Ailtireacht, Sorcas, Rince, Scannánaíocht, Litríocht, Ceol, Ceoldrámaíocht, Amharclannaíocht agus na hAmharcealaíona.

Tá sonraí iomlána an phróisis le fáil anseo: https://www.cultureireland.ie/funding/about/culture-ireland-regular-grant-assessment-process

Ról an Phainéalaí

Is é ról an phainéalaí comhairle shaineolach a chur ar fáil de réir a  f(h)oirme ealaíne speisialta ar thuillteanais na n-iarratas ar chur i láthair idirnáisiúnta saothair a bhfuil tacaíocht á lorg ina leith.

Sa hiarratais, iarrtar ar phainéalaithe tuairimí a sheoladh isteach, ina réimse saineolais, maidir le:

• Eolas faoin ealaíontóir agus saothar a bhfuil tacaíocht á lorg dó
• Tráthúlacht an deis seo i ngairm na n-ealaíontóirí go dtí seo mar atá molta

Seolfar nasc chuig na hiarratais i ríomhphost chuig na painéalaithe tar éis na spriocdhátaí agus déanfaidh Cultúr Éireann measúnú ar na hiarratais le haghaidh incháilitheachta ar dtús. Seolfar treoracha maidir le conas measúnuithe a chomhlánú tríd an tairseach leis seo agus iarrfar ar phainéalaithe tuairimí ar iarratais a chur isteach san fhoirm ealaíne a bhfuil saineolas acu uirthi agus  nuair is cuí i gcás roinnt iarratas ildisciplíneach chomh maith.

Déanfaidh Cultúr Éireann tráchtanna painéil a chomhordú, mar aon le tuairimí líonra na nAmbasáidí agus seolfar an comhad iomlán chuig ár gCoiste Comhairleach Saineolaithe le moltaí maidir le maoiniú. Tagann an Coiste le chéile agus molann siad cinntí maoinithe lena gceadú ag an Aire.

Luach Saothair

Cuireann Cultúr Éireann airgead oinigh ar fáil do phainéalaithe ag na rátaí seo a leanas de réir líon na n-iarratas a ndéantar measúnú orthu in aghaidh an bhabhta deontais.

1-15 iarratas €250
15-30 iarratas €450
30+ iarratas €650

Féadfaidh íocaíocht a bheith faoi réir Cáin Shiarchoinneálach na Seirbhíse Poiblí.

Téarma an Cheapacháin

Ceapfar na painéil ar feadh tréimhse tosaigh 3 bliana.

Obair a bhfuiltear ag súil léi / ionchur a bhfuiltear ag súil leis

Aithnítear go bhféadfadh sé nach mbeadh painéalaí ar fáil ó am go ham i bhfianaise an fhráma ama le haghaidh measúnaithe agus gealltanais oibre eile.

Féadfaidh Cultúr Éireann saineolaithe/painéail a rothlú i rith na bliana agus mar sin ní dhéanfar teagmháil le gach painéalaí chun páirt a ghlacadh i ngach babhta.

Sonraíocht faoin bPearsa

Ag teacht le sprioc oibriúcháin Chultúr Éireann maidir le Cuimsiú, fáiltímid roimh iarratais ina léirítear éagsúlacht dhaonra na hÉireann, ina léirítear go háirithe éagsúlacht inscne, éagsúlacht tíreolaíochta, leasanna cultúrtha éagsúla agus baill de phobail nua.

Éilítear ar phainéalaithe saineolas bheith acu ar cheann de na foirmeacha ealaíne seo a leanas: Ailtireacht, Sorcas, Damhsa, Scannán, Litríocht, Ceol, Amharclannaíocht, Ceoldrámaíocht, Amharcealaíona. Ba chóir do pháirtithe leasmhara cuntas a thabhairt ar shaineolas san aighneacht agus ba chóir go mbeadh fianaise air sa CV. Tá meascán saineolais agus réimsí spéise á lorg ag Cultúr Éireann agus mar sin ní féidir cuireadh a thabhairt do gach iarratasóir a bheith ina p(h)ainéalaí.

Éilítear ar phainéalaithe

• grinnscrúdú neamhspleách agus oibiachtúil a thabhairt ar an maoirseacht ar na hiarratais;
• bheith réidh le tacú le seachadadh straitéise agus cuspóirí eagraíochtúla;
• comhairle mheáite a thairiscint ar bhonn breithiúnas grinn agus taithí;
• bheith réidh le gealltanas cuí ama a thabhairt;
• gníomhú ar bhonn feasach, de mheon macánta, le dúthracht agus cúram cuí, bunaithe ar thosaíochtaí Straitéis Chultúr Éireann atá ar fáil anseo.

Tá Cultúr Éireann tiomanta do phróiseas iarratais a éascú trínar féidir iarratais a chur isteach agus a mheasúnú trí Bhéarla nó trí Ghaeilge. Dá bhrí sin cuirtear fáilte ar leith roimh iarratais ó iarrthóirí a bhfuil ar a gcumas measúnuithe a dhéanamh agus an t-aiseolas agus an chomhairle riachtanach a sholáthar i nGaeilge.

Léiriú Spéise a chur isteach

Ba cheart aighneacht a dhéanamh i ríomhphost chuig alison.geraghty@cultureireland.gov.ie le líne ábhair “Léiriú Spéise i bPainéal Chultúr Éireann”.  Ba chóir go mbeadh litir chlúdaigh ann ina ndéantar cur síos ar an saineolas sonrach a thabharfá leat agus gach taithí ábhartha agus curriculum vitae.
Ní mór aighneachtaí a chur isteach faoi 3 i.n. ar an 19 Bealtaine 2023.

Rúndacht

Faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, caithfear le hiarratais go huile agus go hiomlán faoi rún. Déileáiltear le gach fiosrúchán, iarratas agus gach gné de na himeachtaí faoi rún daingean agus ní nochtar iad d’aon duine, lasmuigh díobh siúd a bhfuil baint dhíreach acu leis an ngné sin den phróiseas. Baintear míreanna áirithe faisnéise, nach mbaineann go sonrach le haon duine aonair, as taifid ríomhaire chun críocha ginearálta staidrimh.

Na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 & 2003

Tabhair faoi deara go bhféadfaidh Cultúr Éireann d’aighneacht a choinneáil ar feadh suas le bliain.

Posted: 04.04.23