Culture Ireland – Budget 2024
Culture Ireland welcomes the announcement of an allocation of €7.6million in Budget 2024.
Minister Catherine Martin, T.D. commented: “Next year will see the highest level of funding for Culture Ireland since its establishment in 2005 at €7.6m. I believe that increasing Culture Ireland funding is a logical continuation of the investment my Department has made in our artists through the record level of funding provided to the Arts Council in recent years.”
In response, Kieran Hanrahan, Chair of Culture Ireland’s Expert Advisory Committee, said: “We are very grateful to Minister Catherine Martin for her longstanding support of Culture Ireland. Undoubtedly, this increase will further enable Irish artists to reach the global audiences they richly deserve.”
In addition to its Regular Touring supports, Culture Ireland will create more opportunities for Irish artists through its Showcase and See Here initiatives. In addition, throughout 2024, Culture Ireland will present a yearlong season of Irish Arts in Germany, in partnership with Embassy of Ireland in Germany. Further details will be announced later this year.
Cultúr Éireann – Buiséad 2024
Fáiltíonn Cultúr Éireann roimh an bhfógra faoi leithdháileadh €7.6 milliún i mBuiséad 2024.
Dúirt an tAire Catherine Martin, T.D.: “An bhliain seo chugainn beidh an leibhéal is airde maoinithe do Chultúr Éireann ó bunaíodh é in 2005 ag €7.6m. Leanann méadú ar mhaoiniú Chultúr Éireann an infheistíocht atá déanta ag mo Roinnse le blianta beaga anuas inár n-ealaíontóirí tríd an leibhéal maoinithe is airde riamh a cuireadh ar fáil don Chomhairle Ealaíon.”
Mar fhreagra air sin, dúirt Kieran Hanrahan, Cathaoirleach Sain-Choiste Comhairleach Chultúr Éireann: “Táimid thar a bheith buíoch den Aire Catherine Martin as an tacaíocht a thugann sí do Chultúr Éireann le fada an lá. Gan dabht, cuirfidh an méadú seo ar chumas ealaíontóirí na hÉireann teacht ar lucht féachana domhanda atá tuillte go maith acu.”
Mar aon lena thacaíochtaí Camchuairte Rialta, cruthóidh Cultúr Éireann níos mó deiseanna d’ealaíontóirí Éireannacha trína thionscnaimh Showcase agus See Here. Ina theannta sin, le linn 2024, cuirfidh Cultúr Éireann séasúr bliana d’Ealaíona na hÉireann i láthair sa Ghearmáin, i gcomhpháirtíocht le hAmbasáid na hÉireann sa Ghearmáin. Fógrófar tuilleadh sonraí níos déanaí i mbliana.
Posted: 12.10.23