Announcement of Ireland’s Representation at Venice Architecture Biennale 2023

Announcement of Ireland’s Representation at Venice Architecture Biennale 2023

Announcement of Ireland’s Representation at Venice Architecture Biennale 2023

The Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media, Catherine Martin, T.D., today announced the selection of ‘In Search of Hy-Brasil’ to represent Ireland at the 18th Venice Architecture Biennale in 2023.

The collaborative project led by architect Peter Cody, was selected following an open call by Culture Ireland, in partnership with the Arts Council. The extended curatorial team is comprised of architects Peter Carroll, Elizabeth Hatz, Mary Laheen and Joseph Mackey.

Minister Martin said: “‘In Search of Hy-Brasil’ examines the relationship between the islands of Ireland and their natural environment. It is very exciting to see how our adaptability to harsh conditions over the centuries can show us the way to more sustainable living today. In the era of global warming and the challenges of climate change, it is a theme that resonates globally."

According to the curatorial team: “‘In Search of Hy-Brasil’ derives from an intense engagement with the islands of Ireland and is a direct provocation to all of us to reimagine the vast combined territory of land and ocean we call our home. Geographically remote and mainly peripheral to contemporary discourse, our islands are by necessity robust, resilient and inventive places. They have long been a significant crucible for language, music and song bound up with lived experience and support a rich and unique biodiversity. Their small communities, existing on the margins of viability, have embedded in their social order and cultural memory a deep knowledge and understanding of the ocean, land and resource management and the practice of maintaining sustainable environments.

As an island nation facing an uncertain future, the challenges of climate change, renewable energy, ethical food production and biodiversity must be met quickly, with purpose, renewing the lost equilibrium between ourselves and the natural world. Further details from the curatorial team can be found here.

The Venice Architecture Biennale, which will run from 20 May to 26 November 2023, remains the most important global platform for the exhibition of architecture involving the public, members of civil society,individuals and institutions. It offers a unique opportunity for Irish architects to engage with international audiences. Ireland at Venice 2023 will build on Ireland’s strong presence at the Venice Architecture Biennale in recent years with Annex’s ‘Entanglement’ and ‘Free Market’ gaining global acclaim in 2021 and 2018 respectively. The 16th Venice Architecture Biennale in 2018 was curated by Shelley McNamara and Yvonne Farrell of Grafton Architects.

Following its presentation in Venice, ‘In Search of Hy-Brasil’ will tour Ireland in 2024.

Ireland at Venice is an initiative of Culture Ireland in partnership with the Arts Council.

*********************************************************************************

Fógra Ionadaíocht na hÉireann ag Biennale Ailtireachta na Veinéise 2023

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán, Catherine Martin T.D. gur roghnaíodh ‘In Search of Hy-Brasil’ chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag an 18ú Biennale Ailtireachta sa Veinéis in 2023.

Roghnaíodh an tionscadal comhoibríoch atá á stiúradh ag an ailtire Peter Cody, tar éis glao oscailte ó Chultúr Éireann, i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon. Tá na hailtirí Peter Carroll, Elizabeth Hatz, Mary Laheen agus Joseph Mackey ar an bhfoireann coimeádaíochta méadaithe.

Dúirt an tAire Martin:
“Scrúdaíonn “In Search of Hy-Brasil’ an gaol idir oileáin na hÉireann agus a dtimpeallacht nádúrtha. Is iontach an rud é a fheiceáil cén chaoi a léiríonn ár gcumas chun déileáil le cúinsí deacra leis na céadta bliain dúinn conas maireachtáil níos inbhuanaithe sa lá atá inniu ann. I ré an téimh dhomhanda agus na ndúshlán a bhaineann le hathrú aeráide, is téama é a bhfuil tábhacht dhomhanda leis.”

Dúirt an fhoireann coimeádaíochta:
“Ghríosaigh oileáin na hÉireann “In Search of Hy-Brasil’ agus spreagann sé muid go léir athshamhlú a dhéanamh ar ár ndúiche ollmhór talún agus farraige. Is áiteanna láidre, acmhainneacha agus cruthaitheacha iad ár n-oileáin atá iargúlta go geografach agus imeallach go príomha don dioscúrsa comhaimseartha. Is piolóidí suntasacha iad le fada an lá maidir le teanga, ceol agus amhránaíocht. Tá siad ceangailte le heispéireas beo agus tacaíonn siad le bithéagsúlacht shaibhir uathúil. Leabaigh a bpobail bheaga, atá ar imeall na hinmharthanachta, eolas agus tuiscint dhomhain ina n-ord sóisialta agus ina gcuimhne chultúrtha ar bhainistíocht aigéin, talún agus acmhainní agus an cleachtas timpeallachtaí inbhuanaithe a chothú.Mar náisiún oileánda atá ag tabhairt aghaidh ar thodhchaí éiginnte, ní mór aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an athraithe aeráide, fuinnimh in-athnuaite, táirgeadh bia eiticiúil agus bithéagsúlacht go tapa agus go dionghbháilte, ag athnuachan na cothromaíochta caillte eadrainn féin agus an domhan nádúrtha.”
Is féidir tuilleadh sonraí a fháil ón bhfoireann coimeádaíochta anseo.

Is é Biennale Ailtireachta na Veinéise, a bheidh ar siúl ón 20 Bealtaine go dtí an 26 Samhain 2023, fós an t-ardán domhanda is tábhachtaí maidir le taispeántas na hailtireachta a ghlacann an pobal, baill den tsochaí shibhialta, daoine aonair agus institiúidí páirt ann. Tugann sé deis uathúil d’ailtirí Éireannacha lucht féachana idirnáisiúnta a mhealladh. Tógfaidh ionadaíocht na hÉireann sa Veinéis in 2023 ar láithreacht láidir na hÉireann ag Biennale Ailtireachta na Veinéise le blianta beaga anuas agus moladh ‘Entanglement’ agus ‘Free Market’ le Annex go domhanda in 2021 agus 2018 faoi seach. Choiméadaigh Shelley McNamara agus Yvonne Farrell ó Grafton Architects an 16ú Biennale Ailtireachta sa Veinéis in 2018.

Tar éis é a chur i láthair sa Veinéis, rachaidh ‘In Search of Hy-Brasil’ ar camchuairt in Éirinn in 2024.

Is tionscnamh de chuid Chultúr Éireann i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon é ionadaíocht na hÉireann sa Veinéis.

Posted: 27.06.22