{"id":2216,"date":"2020-08-25T14:15:48","date_gmt":"2020-08-25T13:15:48","guid":{"rendered":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/maoinithe\/grant-terms-and-conditions\/"},"modified":"2024-04-09T12:59:40","modified_gmt":"2024-04-09T11:59:40","slug":"grant-terms-and-conditions","status":"publish","type":"page","link":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/maoinithe\/grant-terms-and-conditions\/","title":{"rendered":"T\u00e9arma\u00ed agus Coinn\u00edollacha an Deontais"},"content":{"rendered":"<p>Is g\u00e1 na coinn\u00edollacha th\u00edos a chomhl\u00edonadh ina n-ioml\u00e1ine agus go s\u00e1s\u00fail sula mbeifear in ann deontas a tharraingt anuas.<\/p>\n<p>1. <strong>Tairiscint Deontais<\/strong><\/p>\n<p>Nuair a ghlactar le tairiscint deontais, glacann an deonta\u00ed leis na coinn\u00edollacha seo ina<br \/>\nn-ioml\u00e1ine.<br \/>\nN\u00ed f\u00e9idir deontas a \u00fas\u00e1id ach i gcomhair na gcostas faoi leith ceadaithe ag Cult\u00far<br \/>\n\u00c9ireann mar at\u00e1 leagtha sa tairiscint deontais a fuair t\u00fa agus ar shl\u00ed a bhaineann amach<br \/>\nan luach is fearr agus is f\u00e9idir ar airgead.<\/p>\n<p>2. <strong>Comhairle Taistil<\/strong><\/p>\n<p>N\u00ed m\u00f3r \u00e1rachas taistil a bheith socraithe chun cl\u00fadach a thabhairt i gc\u00e1s leasuithe ar<br \/>\nshocruithe taistil n\u00f3 m\u00e1 chuirtear socr\u00fa ar ceal. N\u00ed dh\u00e9anfaidh Cult\u00far \u00c9ireann costais a<br \/>\nais\u00edoc i gc\u00e1sanna nach mbeidh an t-imeacht ar si\u00fal n\u00f3 mura mb\u00edonn taisteal ann.<\/p>\n<p>3. <strong>Aitheantas as taca\u00edocht \u00f3 Chult\u00far \u00c9ireann<\/strong><\/p>\n<p>Caithfidh na daoine a gheobhaidh aon deontas aitheantas a thabhairt don taca\u00edocht \u00f3<br \/>\nChult\u00far \u00c9ireann agus l\u00f3g\u00f3 Chult\u00far \u00c9ireann a \u00fas\u00e1id san fhorm\u00e1id chu\u00ed ar an \u00e1bhar<br \/>\npoibl\u00edochta ar fad bainteach leis an imeacht. Is g\u00e1 aitheantas a thabhairt ar an leibh\u00e9al<br \/>\nc\u00e9anna agus a thabharfar d\u2019urraitheoir\u00ed n\u00f3 deont\u00f3ir\u00ed corpar\u00e1ideacha n\u00f3 eile as<br \/>\ntaca\u00edocht den chine\u00e1l c\u00e9anna. Coinneofar s\u00fail ar ch\u00farsa\u00ed lena chinnti\u00fa go gclo\u00edfear leis<br \/>\nan gcoinn\u00edoll seo. T\u00e1 s\u00e9 de cheart ag Cult\u00far \u00c9ireann c\u00f3ipeanna a iarraidh den \u00e1bhar<br \/>\npoibl\u00edochta ar fad leis an imeacht a phoibli\u00fa. T\u00e1 l\u00f3g\u00f3nna agus treoirl\u00ednte maidir lena n\u00fas\u00e1id le f\u00e1il ar \u00e1r su\u00edomh gr\u00e9as\u00e1in.<\/p>\n<p>4. <strong>Cl\u00fadach sna Me\u00e1in<\/strong><br \/>\nIarrtar orthu si\u00fad a gheobhaidh deontas naisc chuig aon chl\u00fadach sa phreas, aon<br \/>\nl\u00e9irmheasanna agus grianghraif \u00e1bhartha a bhaineann leis an imeacht a chur i<br \/>\nr\u00edomhphost chuig grants@cultureireland.gov.ie agus an uimhir thagartha \u00f3 thairiscint<br \/>\nan deontais a lua. Ba cheart an t-eolas sin a chur isteach roimh an imeacht, lena linn<br \/>\nagus ina dhiaidh. F\u00e9adfaidh Cult\u00far \u00c9ireann \u00e1bhar a chuirfear isteach a \u00fas\u00e1id ar son<br \/>\npoibl\u00edochta.<\/p>\n<p>Iarraimid orthu si\u00fad a gheobhaidh deontas cairdeas a dh\u00e9anamh le Cult\u00far \u00c9ireann ar<br \/>\nna me\u00e1in sh\u00f3isialta sa d\u00f3igh is gur f\u00e9idir linn an oiread poibl\u00edochta agus is f\u00e9idir a<br \/>\ndh\u00e9anamh ar imeachta\u00ed a gheobhaidh taca\u00edocht uainn. Is g\u00e1 Cult\u00far \u00c9ireann a chlibe\u00e1il i<br \/>\nngach post\u00e1il a bhaineann le himeachta\u00ed a bhfuil taca\u00edocht ann d\u00f3ibh (Twitter<br \/>\n@culture_ireland, Facebook @CultureIreland agus Instagram @cultureireland).<\/p>\n<p>5. <strong>Cist\u00ed a tharraingt anuas<\/strong><\/p>\n<p>Sula nd\u00e9antar \u00e9ileamh chun deontas a tharraingt anuas, caithfidh deontaithe an<br \/>\nfhoirm ar l\u00edne Tuairisc ar Thortha\u00ed a \u00fas\u00e1id chun athbhreithni\u00fa a dh\u00e9anamh i ndiaidh an<br \/>\nimeachta. M\u00e1 dh\u00e9antar an Fhoirm Thuairiscithe a chomhl\u00e1n\u00fa ar bhealach easnamhach<br \/>\nn\u00f3 m\u00edchu\u00ed, n\u00ed dh\u00e9anfaidh Cult\u00far \u00c9ireann na cist\u00ed a scaoileadh.<\/p>\n<p>D\u00e9antar cist\u00ed a tharraingt anuas bunaithe ar chaiteachas dearbhaithe agus deimhni\u00fa<br \/>\nnach bhfuil agus nach mbeidh na hadmh\u00e1lacha \u00e1 n-\u00fas\u00e1id chun \u00e9ileamh a dh\u00e9anamh ar<br \/>\naon fhoinse eile. Is g\u00e1 na doicim\u00e9id ar fad (Foirm Thuairiscithe Chult\u00far \u00c9ireann ina<br \/>\nmeasc) a chur isteach tr\u00e1th nach d\u00e9ana\u00ed n\u00e1 s\u00e9 seachtaine i ndiaidh an imeachta.<\/p>\n<p>\u00cdoctar gach deontas in Euro. T\u00e1 an deonta\u00ed f\u00e9in freagrach as a dheimhni\u00fa go bhfuil an<br \/>\ncuntas bainc a thugtar in ann glacadh le h\u00edoca\u00edochta\u00ed in Euro. T\u00e1 eolas breise faoin<br \/>\nd\u00f3igh leis an deontas a tharraingt anuas sa doicim\u00e9ad dar teideal \u201cAn Deontas a<br \/>\nTharraingt Anuas\u201d.<\/p>\n<p>6. <strong>Athruithe ar an Imeacht<\/strong><\/p>\n<p>M\u00e1 bh\u00edtear chun aon athr\u00fa a dh\u00e9anamh ar an imeacht a bhfuil taca\u00edocht faighte ina<br \/>\nleith (i.e., athruithe ar an d\u00e1ta, ionad, eala\u00edont\u00f3ir ainmnithe n\u00f3 aon athr\u00fa suntasach<br \/>\neile), n\u00ed m\u00f3r comhaont\u00fa scr\u00edofa a fh\u00e1il \u00f3 Chult\u00far \u00c9ireann roimh r\u00e9. T\u00e1 s\u00e9 de cheart ag<br \/>\nCult\u00far \u00c9ireann tairiscint aon deontais a tharraingt siar n\u00f3 a leas\u00fa agus athruithe<br \/>\nsuntasacha \u00e1 nd\u00e9anamh ar imeacht.<\/p>\n<p>7. <strong>Beartas um Chosaint Leana\u00ed<\/strong><\/p>\n<p>T\u00e1 dualgas ar dheontaithe at\u00e1 bunaithe in \u00c9irinn Cult\u00far \u00c9ireann a chur ar an eolas m\u00e1s<br \/>\nrud \u00e9 go mbeidh aon obair n\u00f3 gn\u00edomha\u00edocht mar chuid den imeacht a mbeidh<br \/>\nteagmh\u00e1il le leana\u00ed ann n\u00f3 m\u00e1 bhaineann an obair n\u00f3 imeacht le gn\u00edomha\u00edochta\u00ed<br \/>\noideachais, taighde, oili\u00fana, cult\u00fartha, f\u00f3ill\u00edochta, \u00e1ineasa, s\u00f3isialta n\u00f3 coirp a chur ar<br \/>\nf\u00e1il do leana\u00ed.<\/p>\n<p>M\u00e1s bainteach, ba ch\u00f3ir don deonta\u00ed a dheimhni\u00fa go bhfuil R\u00e1iteas um Chumhdach<br \/>\nLeana\u00ed ann at\u00e1 ag teacht leis an Acht um Th\u00fas \u00c1ite do Leana\u00ed, 2015 agus le T\u00fas \u00c1ite do<br \/>\nLeana\u00ed: Treoirl\u00ednte N\u00e1isi\u00fanta maidir le Cosaint agus Leas Leana\u00ed, 2017, chomh maith le<br \/>\nBeartas um Aosaigh Leochaileacha.<\/p>\n<p>Ba ch\u00f3ir do gach deonta\u00ed a chinnti\u00fa go bhfuil polasaithe \u00e1iti\u00fala um chosaint leana\u00ed i<br \/>\nbhfeidhm nuair is cu\u00ed.<\/p>\n<p>Children First National Guidance for the Protection and Welfare of Children 2017<\/p>\n<p>8. <strong>Acmhainn\u00ed T\u00e1bhachtacha don Earn\u00e1il<\/strong><\/p>\n<p>Iarrtar ar gach deonta\u00ed am a chaitheamh leis na hacmhainn\u00ed t\u00e1bhachtacha seo:<\/p>\n<p>An cl\u00e1r Safe to Create: t\u00e1 eolas maidir le Safe to Create anseo. Cl\u00e1r don D\u00ednit san Ionad<br \/>\nOibre is ea Safe to Create. Is \u00e9 is aidhm don chl\u00e1r seo athr\u00fa a bhaint amach ar chult\u00far<br \/>\nagus cleachtais earn\u00e1il na n-eala\u00edon in \u00c9irinn le go mbeidh coinn\u00edollacha oibre n\u00edos<br \/>\ns\u00e1bh\u00e1ilte ann ag eala\u00edont\u00f3ir\u00ed agus acu si\u00fad at\u00e1 ag obair sna heala\u00edona.<\/p>\n<p>Is \u00e9 Foras Amharclanna\u00edochta na h\u00c9ireann a dh\u00e9anann an cl\u00e1r seo a bhainisti\u00fa thar<br \/>\nceann na Roinne Turas\u00f3ireachta, Cult\u00fair, Eala\u00edon, Gaeltachta, Sp\u00f3irt agus Me\u00e1n i<br \/>\ngcomhar leis an gComhairle Eala\u00edon, le F\u00eds \u00c9ireann agus Minding Creative Minds.<\/p>\n<p>Minding Creative Minds \u2013 Seo seirbh\u00eds 24\/7 at\u00e1 saor in aisce a thugann cine\u00e1lacha<br \/>\n\u00e9ags\u00fala taca\u00edochta ar f\u00e1il don Earn\u00e1il Chruthaitheach in \u00c9irinn. Cl\u00e1r taca\u00edochta foll\u00e1ine<br \/>\n32 chontae agus do mhuintir na h\u00c9ireann thar lear at\u00e1 sa tseirbh\u00eds seo. T\u00e1 tuilleadh<br \/>\neolais ar Minding Creative Minds le f\u00e1il anseo.<\/p>\n<p>9. <strong>Saor\u00e1il faisn\u00e9ise<\/strong><\/p>\n<p>F\u00e9adfar faisn\u00e9is a thugtar do Chult\u00far \u00c9ireann a nochtadh mar fhreagairt ar iarratas a<br \/>\ndh\u00e9antar faoin Acht um Shaor\u00e1il Faisn\u00e9ise, 2014. D\u00e9anfar gach iarracht r\u00fandacht<br \/>\ndeontaithe a chosaint i gcomhr\u00e9ir le t\u00e9arma\u00ed an Achta.<\/p>\n<p>10. <strong>D\u00e1mhachtain\u00ed Deontais a fhoilsi\u00fa agus R\u00e1iteas Pr\u00edobh\u00e1ideachta<\/strong><\/p>\n<p>T\u00e1 beartas ag Cult\u00far \u00c9ireann sonra\u00ed \u00e1bhartha maidir le deontais a bhronntar a fhoilsi\u00fa<br \/>\nar l\u00edne, sonra\u00ed mar ainmneacha an deonta\u00ed, m\u00e9id an deontais at\u00e1 \u00e1 thairiscint agus<br \/>\nachoimre ar an imeacht at\u00e1 beartaithe. D\u2019fh\u00e9adfa\u00ed sonra\u00ed eile a thabhairt chomh<br \/>\nmaith. T\u00e1 Cult\u00far \u00c9ireann ag feidhmi\u00fa i gcomhr\u00e9ir le hoibleag\u00e1id\u00ed na Roinne<br \/>\nTuras\u00f3ireachta, Cult\u00fair, Eala\u00edon, Gaeltachta, Sp\u00f3irt agus Me\u00e1n faoin RGCS:<\/p>\n<p>T\u00e1 an Roinn tiomanta i dtaobh pr\u00edobh\u00e1ideachas a chosaint agus meas a l\u00e9iri\u00fa air an<br \/>\nbpr\u00edobh\u00e1ideachas sin. T\u00e1 bearta teicni\u00fala agus eagra\u00edocht\u00fala cu\u00ed i bhfeidhm ag an<br \/>\nRoinn le do chuid faisn\u00e9ise a chosaint ar rochtain gan \u00fadar\u00e1s. N\u00ed dh\u00e9anfaidh an Roinn<br \/>\nbhur gcuid sonra\u00ed pearsanta a phr\u00f3ise\u00e1il ar aon ch\u00fais seachas an ch\u00fais faoinar bail\u00edodh<br \/>\niad. F\u00e9adfar sonra\u00ed pearsanta a mhalart\u00fa le Ranna Rialtais eile, le h\u00fadar\u00e1is \u00e1iti\u00fala, le<br \/>\ngn\u00edomhaireachta\u00ed faoi choimirce na Roinne n\u00f3 le comhlachta\u00ed poibl\u00ed eile, i gc\u00fains\u00ed<br \/>\n\u00e1irithe ina nd\u00e9antar for\u00e1il d\u00e1 leith\u00e9id de r\u00e9ir dl\u00ed. N\u00ed choinneoidh an Roinn bhur gcuid<br \/>\nsonra\u00ed pearsanta ach fad is g\u00e1 iad a choinne\u00e1il ar mhaithe leis an gc\u00fais lenar bail\u00edodh<br \/>\niad agus iad a phr\u00f3ise\u00e1il ina dhiaidh sin. Nuair a rachaidh an riachtanas gn\u00f3 an<br \/>\nfhaisn\u00e9is seo a choinne\u00e1il in \u00e9ag, scr\u00fad\u00f3far \u00ed d\u2019fhonn na sonra\u00ed pearsanta a scriosadh a<br \/>\nluaithe agus is f\u00e9idir agus i gcomhr\u00e9ir le beartas na Roinne.<\/p>\n<p>11. <strong>Cosaint Sonra\u00ed<\/strong><br \/>\n<a href=\"https:\/\/www.gov.ie\/en\/organisation-information\/5c605-data-protection\/\">F\u00e9ach anseo i dtaca le cosaint sonra\u00ed agus an Roinn.<\/a><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Is g\u00e1 na coinn\u00edollacha th\u00edos a chomhl\u00edonadh ina n-ioml\u00e1ine agus go s\u00e1s\u00fail sula mbeifear in ann deontas a tharraingt anuas. 1. Tairiscint Deontais Nuair a ghlactar le tairiscint deontais, glacann an deonta\u00ed leis na coinn\u00edollacha seo ina n-ioml\u00e1ine. N\u00ed f\u00e9idir deontas a \u00fas\u00e1id ach i gcomhair na gcostas faoi leith ceadaithe ag Cult\u00far \u00c9ireann mar&#8230; <\/p>\n","protected":false},"author":1,"featured_media":2007,"parent":2203,"menu_order":11,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","template":"full-width.php","meta":{"_acf_changed":false,"footnotes":""},"class_list":["post-2216","page","type-page","status-publish","has-post-thumbnail","hentry"],"acf":[],"yoast_head":"<!-- This site is optimized with the Yoast SEO plugin v27.2 - https:\/\/yoast.com\/product\/yoast-seo-wordpress\/ -->\n<title>T\u00e9arma\u00ed agus Coinn\u00edollacha an Deontais - Culture Ireland | Cult\u00far \u00c9ireann<\/title>\n<meta name=\"robots\" content=\"index, follow, max-snippet:-1, max-image-preview:large, max-video-preview:-1\" \/>\n<link rel=\"canonical\" href=\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/maoinithe\/grant-terms-and-conditions\/\" \/>\n<meta property=\"og:locale\" content=\"ga_IE\" \/>\n<meta property=\"og:type\" content=\"article\" \/>\n<meta property=\"og:title\" content=\"T\u00e9arma\u00ed agus Coinn\u00edollacha an Deontais - Culture Ireland | Cult\u00far \u00c9ireann\" \/>\n<meta property=\"og:description\" content=\"Is g\u00e1 na coinn\u00edollacha th\u00edos a chomhl\u00edonadh ina n-ioml\u00e1ine agus go s\u00e1s\u00fail sula mbeifear in ann deontas a tharraingt anuas. 1. Tairiscint Deontais Nuair a ghlactar le tairiscint deontais, glacann an deonta\u00ed leis na coinn\u00edollacha seo ina n-ioml\u00e1ine. N\u00ed f\u00e9idir deontas a \u00fas\u00e1id ach i gcomhair na gcostas faoi leith ceadaithe ag Cult\u00far \u00c9ireann mar...\" \/>\n<meta property=\"og:url\" content=\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/maoinithe\/grant-terms-and-conditions\/\" \/>\n<meta property=\"og:site_name\" content=\"Culture Ireland | Cult\u00far \u00c9ireann\" \/>\n<meta property=\"article:modified_time\" content=\"2024-04-09T11:59:40+00:00\" \/>\n<meta property=\"og:image\" content=\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/wp-content\/uploads\/2021\/05\/1400x544_Redemption-of-a-Rogue-Stills.png\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:width\" content=\"1400\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:height\" content=\"544\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:type\" content=\"image\/png\" \/>\n<meta name=\"twitter:card\" content=\"summary_large_image\" \/>\n<meta name=\"twitter:label1\" content=\"Est. reading time\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data1\" content=\"6 minutes\" \/>\n<script type=\"application\/ld+json\" class=\"yoast-schema-graph\">{\"@context\":\"https:\/\/schema.org\",\"@graph\":[{\"@type\":\"WebPage\",\"@id\":\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/maoinithe\/grant-terms-and-conditions\/\",\"url\":\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/maoinithe\/grant-terms-and-conditions\/\",\"name\":\"T\u00e9arma\u00ed agus Coinn\u00edollacha an Deontais - Culture Ireland | Cult\u00far \u00c9ireann\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/#website\"},\"primaryImageOfPage\":{\"@id\":\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/maoinithe\/grant-terms-and-conditions\/#primaryimage\"},\"image\":{\"@id\":\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/maoinithe\/grant-terms-and-conditions\/#primaryimage\"},\"thumbnailUrl\":\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/wp-content\/uploads\/2021\/05\/1400x544_Redemption-of-a-Rogue-Stills.png\",\"datePublished\":\"2020-08-25T13:15:48+00:00\",\"dateModified\":\"2024-04-09T11:59:40+00:00\",\"breadcrumb\":{\"@id\":\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/maoinithe\/grant-terms-and-conditions\/#breadcrumb\"},\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"ReadAction\",\"target\":[\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/maoinithe\/grant-terms-and-conditions\/\"]}]},{\"@type\":\"ImageObject\",\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"@id\":\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/maoinithe\/grant-terms-and-conditions\/#primaryimage\",\"url\":\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/wp-content\/uploads\/2021\/05\/1400x544_Redemption-of-a-Rogue-Stills.png\",\"contentUrl\":\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/wp-content\/uploads\/2021\/05\/1400x544_Redemption-of-a-Rogue-Stills.png\",\"width\":1400,\"height\":544},{\"@type\":\"BreadcrumbList\",\"@id\":\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/maoinithe\/grant-terms-and-conditions\/#breadcrumb\",\"itemListElement\":[{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":1,\"name\":\"Home\",\"item\":\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":2,\"name\":\"Maoinithe\",\"item\":\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/funding\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":3,\"name\":\"T\u00e9arma\u00ed agus Coinn\u00edollacha an Deontais\"}]},{\"@type\":\"WebSite\",\"@id\":\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/#website\",\"url\":\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/\",\"name\":\"Culture Ireland | Cult\u00far \u00c9ireann\",\"description\":\"\",\"publisher\":{\"@id\":\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/#organization\"},\"potentialAction\":[{\"@type\":\"SearchAction\",\"target\":{\"@type\":\"EntryPoint\",\"urlTemplate\":\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/?s={search_term_string}\"},\"query-input\":{\"@type\":\"PropertyValueSpecification\",\"valueRequired\":true,\"valueName\":\"search_term_string\"}}],\"inLanguage\":\"ga-IE\"},{\"@type\":\"Organization\",\"@id\":\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/#organization\",\"name\":\"Culture Ireland\",\"url\":\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/\",\"logo\":{\"@type\":\"ImageObject\",\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"@id\":\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/#\/schema\/logo\/image\/\",\"url\":\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/wp-content\/uploads\/2024\/04\/Department-Tourism.png\",\"contentUrl\":\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/wp-content\/uploads\/2024\/04\/Department-Tourism.png\",\"width\":231,\"height\":218,\"caption\":\"Culture Ireland\"},\"image\":{\"@id\":\"https:\/\/www.cultureireland.ie\/#\/schema\/logo\/image\/\"}}]}<\/script>\n<!-- \/ Yoast SEO plugin. -->","yoast_head_json":{"title":"T\u00e9arma\u00ed agus Coinn\u00edollacha an Deontais - Culture Ireland | Cult\u00far \u00c9ireann","robots":{"index":"index","follow":"follow","max-snippet":"max-snippet:-1","max-image-preview":"max-image-preview:large","max-video-preview":"max-video-preview:-1"},"canonical":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/maoinithe\/grant-terms-and-conditions\/","og_locale":"ga_IE","og_type":"article","og_title":"T\u00e9arma\u00ed agus Coinn\u00edollacha an Deontais - Culture Ireland | Cult\u00far \u00c9ireann","og_description":"Is g\u00e1 na coinn\u00edollacha th\u00edos a chomhl\u00edonadh ina n-ioml\u00e1ine agus go s\u00e1s\u00fail sula mbeifear in ann deontas a tharraingt anuas. 1. Tairiscint Deontais Nuair a ghlactar le tairiscint deontais, glacann an deonta\u00ed leis na coinn\u00edollacha seo ina n-ioml\u00e1ine. N\u00ed f\u00e9idir deontas a \u00fas\u00e1id ach i gcomhair na gcostas faoi leith ceadaithe ag Cult\u00far \u00c9ireann mar...","og_url":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/maoinithe\/grant-terms-and-conditions\/","og_site_name":"Culture Ireland | Cult\u00far \u00c9ireann","article_modified_time":"2024-04-09T11:59:40+00:00","og_image":[{"width":1400,"height":544,"url":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/wp-content\/uploads\/2021\/05\/1400x544_Redemption-of-a-Rogue-Stills.png","type":"image\/png"}],"twitter_card":"summary_large_image","twitter_misc":{"Est. reading time":"6 minutes"},"schema":{"@context":"https:\/\/schema.org","@graph":[{"@type":"WebPage","@id":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/maoinithe\/grant-terms-and-conditions\/","url":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/maoinithe\/grant-terms-and-conditions\/","name":"T\u00e9arma\u00ed agus Coinn\u00edollacha an Deontais - Culture Ireland | Cult\u00far \u00c9ireann","isPartOf":{"@id":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/#website"},"primaryImageOfPage":{"@id":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/maoinithe\/grant-terms-and-conditions\/#primaryimage"},"image":{"@id":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/maoinithe\/grant-terms-and-conditions\/#primaryimage"},"thumbnailUrl":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/wp-content\/uploads\/2021\/05\/1400x544_Redemption-of-a-Rogue-Stills.png","datePublished":"2020-08-25T13:15:48+00:00","dateModified":"2024-04-09T11:59:40+00:00","breadcrumb":{"@id":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/maoinithe\/grant-terms-and-conditions\/#breadcrumb"},"inLanguage":"ga-IE","potentialAction":[{"@type":"ReadAction","target":["https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/maoinithe\/grant-terms-and-conditions\/"]}]},{"@type":"ImageObject","inLanguage":"ga-IE","@id":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/maoinithe\/grant-terms-and-conditions\/#primaryimage","url":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/wp-content\/uploads\/2021\/05\/1400x544_Redemption-of-a-Rogue-Stills.png","contentUrl":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/wp-content\/uploads\/2021\/05\/1400x544_Redemption-of-a-Rogue-Stills.png","width":1400,"height":544},{"@type":"BreadcrumbList","@id":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/maoinithe\/grant-terms-and-conditions\/#breadcrumb","itemListElement":[{"@type":"ListItem","position":1,"name":"Home","item":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/"},{"@type":"ListItem","position":2,"name":"Maoinithe","item":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/funding\/"},{"@type":"ListItem","position":3,"name":"T\u00e9arma\u00ed agus Coinn\u00edollacha an Deontais"}]},{"@type":"WebSite","@id":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/#website","url":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/","name":"Culture Ireland | Cult\u00far \u00c9ireann","description":"","publisher":{"@id":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/#organization"},"potentialAction":[{"@type":"SearchAction","target":{"@type":"EntryPoint","urlTemplate":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/?s={search_term_string}"},"query-input":{"@type":"PropertyValueSpecification","valueRequired":true,"valueName":"search_term_string"}}],"inLanguage":"ga-IE"},{"@type":"Organization","@id":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/#organization","name":"Culture Ireland","url":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/","logo":{"@type":"ImageObject","inLanguage":"ga-IE","@id":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/#\/schema\/logo\/image\/","url":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/wp-content\/uploads\/2024\/04\/Department-Tourism.png","contentUrl":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/wp-content\/uploads\/2024\/04\/Department-Tourism.png","width":231,"height":218,"caption":"Culture Ireland"},"image":{"@id":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/#\/schema\/logo\/image\/"}}]}},"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/2216","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/page"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/1"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=2216"}],"version-history":[{"count":2,"href":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/2216\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":2219,"href":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/2216\/revisions\/2219"}],"up":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/2203"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/2007"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.cultureireland.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=2216"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}