Tá raon de chláir mhaoiniúcháin i bhfeidhm ag Cultúr Éireann chun tacú le healaíona na hÉireann a thaispeáint ar an stáitse idirnáisiúnta agus chun iad a chur chun cinn chomh maith. I measc na dtionscnamh atá ann faoi láthair, tá an babhta deontais ráithiúil, an scéim See Here agus clár Showcase. Tabhair faoi deara, le do thoil, gur cheart úsáid a bhaint as Google Chrome agus gléas Windows nuair atá tú ag déanamh iarratas ar líne (lena chinntiú nach gcliseann d’iarratas). Is féidir iarratas a dhéanamh ar dheontas i mBéarla nó i nGaeilge. Is féidir tuilleadh eolais maidir leis na tionscnaimh seo, lena n-áirítear foirmeacha iarratais a fháil i nGaeilge faoi Acmhainní.

Funding Schemes: